Вы находитесь на странице: 1из 112

GRAMADACH NA GAEILGE

AGUS
LITRIÚ NA GAEILGE
GRAMADACH NA GAEILGE
agus

LITRIÚ NA GAEILGE

AN CAIGHDEÁN OIFIGIÚIL

2009

BAILE ÁTHA CLIATH


ARNA FHOILSIÚ AG OIFIG AN tSOLÁTHAIR
Le ceannach dı́reach ón
OIFIG DHÍOLTA FOILSEACHÁN RIALTAIS,
TEACH SUN ALLIANCE, SRÁID THEACH LAIGHEAN, BAILE ÁTHA
CLIATH 2,
nó trı́d an bpost ó
FOILSEACHÁIN RIALTAIS, AN RANNÓG POST-TRÁCHTA,
AONAD 20, PÁIRC MIONDÍOLA COIS LOCHA, CLÁR CHLAINNE MHUIRIS,
CONTAE MHAIGH EO,
(Teil: 01 - 6476834 nó 1890 213434; Facs: 094 - 9378964 nó 01 - 6476843)
nó trı́ aon dı́oltóir leabhar.
An Chéad Chló 1958

An Dara Cló 1960

An Trı́ú Cló 1962

An Ceathrú Cló 1968

An Cúigiú Cló 1975

An Séú Cló 1979

An Seachtú Cló 1994

An tOchtú Cló 1995

An Naoú Cló 1998

An Deichiú Cló 2001

An tAonú Cló Déag 2004

 Rialtas na hÉireann 2009

Wt.—. 1. ???. 11/09. Cahill. (M54411). Gspl.


TREOIR
Leathanach
RÉAMHRÁ … … … … … … … vii

NODA … … … … … … … … xiii

AN tAINMFHOCAL … … … … … 1
An Chéad Dı́ochlaonadh … … … … 6
An Dara Dı́ochlaonadh … … … … … 11
An Trı́ú Dı́ochlaonadh … … … … … 15
An Ceathrú Dı́ochlaonadh … … … … 18
An Cúigiú Dı́ochlaonadh … … … … 22
Ainmfhocail Neamhrialta … … … … 25

AN AIDIACHT … … … … … … 27
An Aidiacht Cháilı́ochta … … … … 27
An Chéad Dı́ochlaonadh … … … … 27
An Dara Dı́ochlaonadh … … … … 31
An Trı́ú Dı́ochlaonadh … … … … 32
Céimeanna Comparáide … … … … 32
Foirmeacha ar lorg dá agus a … … … 32
Aidiachtaı́ Sealbhacha … … … … … 33
Aidiachtaı́ Taispeántacha … … … … 35

AN FORAINM—Réamhfhoclach, Coibhneasta … … 36

UIMHREACHA … … … … … … 39
Na Bunuimhreacha … … … … … 39
An tAlt leis na hUimhreacha … … … … 42
Na hUimhreacha Pearsanta … … … … 43
Na hOrduimhreacha … … … … … 44
An Ginideach … … … … … … 45
Codáin … … … … … … … 46

AN BRIATHAR … … … … … … 48
Briathra Rialta … … … … … … 48
An Chéad Réimniú … … … … … 49
An Dara Réimniú … … … … … 57
Briathra Coimrithe … … … … … 59
Briathra Neamhrialta … … … … … 61
Ainmneacha Briathartha … … … … 73
Dı́ochlaonadh an Ainm Bhriathartha … … 77
An Ginideach … … … … … 77
An tIolra … … … … … … 80
An Aidiacht Bhriathartha … … … … 80
An Chopail … … … … … … 81

SÉIMHIÚ AGUS URÚ … … … … … 84


Séimhiú ar Ainmfhocail … … … … … 84
Séimhiú ar Aidiachtaı́ … … … … … 88
Urú ar Ainmfhocail … … … … … 90
Urú ar Aidiachtaı́ … … … … … 91
t roimh ghuta agus roimh s- … … … … 91
Séimhiú ar an mBriathar … … … … 92
Urú ar an mBriathar … … … … … 93
h roimh Ghuta … … … … … … 94
d’ roimh Bhriathar … … … … … 95

FOIRM AN AINMNIGH IN IONAD AN GHINIDIGH 96


vii

RÉAMHRÁ
Ón uair a foilsı́odh Litriú na Gaeilge — Lámhleabhar an
Chaighdeáin Oifigiúil tá múinteoirı́, scrı́bhneoirı́ agus daoine eile á
iarraidh, os ard agus os ı́seal, go gcuirfı́ leabhrán ar fáil a sholáthródh
caighdeán do ghramadach na Gaeilge, go háirithe i gcúrsaı́
deilbhı́ochta. Is deimhin leo de bharr a dtaithı́ ar a saothrú go bhfuil
riachtanas mor le cleachtas comhionann i múnlaı́ bunúsacha ar nós
dı́ochlaonadh ainmfhocal agus aidiachtaı́, réimniú briathra, agus na
rialacha a bhaineann le hathruithe tosaigh ar fhocail, agus gur mór a
rachadh sé chun leasa na teanga na nithe sin a thabhairt chun
rialtachta oiread agus ab fhéidir.
La fada siar táthar ag tabhairt cúl le foirmeacha agus rialacha a bhı́
á gcleachtadh tráth i scrı́obh na teanga. Ba iad na prı́omhchúiseanna
a bhı́ leis sin ársantacht nó anspiantacht áirithe a bheith ag baint leo
nó iad a bheith imithe, nó ionann is imithe, as beo-chaint na
Gaeltachta. Cheal comhaontú ar na foirmeacha agus na leaganacha a
nglacfaı́ leo ina n-ionad bhı́ daoine ag déanamh rogha dóibh féin, agus
bhı́ an neamhionannas, agus an neamhchinnteacht a ghabhann leis, ag
dul i dtreise sa teanga.
Aithnı́tear coitianta go dteastaı́onn caighdeán gramadaı́ chun gan
ligean do na nósanna iomadúla sin dul ó smacht, chun an comhaontas
a bhunú in ionad an easaontais, chun deimhniú a thabhairt ar nithe a
bhfuil éideimhne ann ina dtaobh faoi láthair, agus chun cruinneas agus
slacht a chur in ionad an neamhchruinnis agus an neamhshlachta a
thagann den easaontas agus den éideimhne. Is follas gur saoráid don
oide scoile é na foirmeacha agus na leaganacha bunaidh céanna a
bheith á dteagasc ag a chomhoidı́, agus go laghdódh sé dua na
foghlama ar an dalta scoile gan malairt foirmeacha agus leaganacha
bunaidh a bheith le gabháil chuige aige de réir mar a thiocfadh sé faoi
chúram oide nua. Ba áis dóibh araon, idir dhaltaı́ agus oidı́, na leabhair
scoile a bheith ag réiteach lena chéile an méid ab fhéidir ar feadh a
dtéann bunghréasán na gramadaı́.
viii

Ba léir riamh gur ghá caighdeán de chineál éigin le haghaidh


gnóthaı́ oifigiúla, agus tá formhór Gaeilgeoirı́ suite de um an dtaca
seo nach féidir forás mar is ceart a theacht faoin drámaı́ocht, faoin
iriseoireacht, faoin scrı́bhneoireacht, ná faoi fhorbairt na Gaeilge le
haghaidh an Raidió agus na scannán, gan comheagrú agus comhardú
áirithe a dhéanamh ar ghramadach agus foclóir na Gaeilge ionas go
mbeadh sı́ inniúil ar dhul i gcoimhlint leis an mBéarla agus le go
gcuirfı́ ı́ ar comhrian le teangacha na bpobal cultúrtha eile.
Sa bhliain 1953 foilsı́odh Gramadach na Gaeilge — Caighdeán
Rannóg an Aistriúcháin d’fhonn go bhfaighfı́ tuairimı́ agus moltaı́ ón
bpobal a chuideodh leis an Rannóg córas deilbhı́ochta a leagan amach
a bheadh oiriúnach lena ghlacadh mar chaighdeán comhchoiteann.
Tar éis na tuairimı́ agus na moltaı́ go léir a fuarthas a bhreithniú
chuathas i gceann an córas sin a leasú agus ullmhaı́odh dréacht de
leagan leasaithe a cuireadh faoi bhráid daoine arbh eol suim ar leith
a bheith acu i ngramadach na Gaeilge agus saineolas acu uirthi.
I dtús na bliana 1957 cinneadh ar an leabhrán bunaidh agus an
leagan leasaithe sin, agus na tuairimı́ agus na moltaı́ go léir a fuarthas
orthu, a athbhreithniú. Rinneadh cı́oradh agus scagadh agus scrúdú ó
bhonn ar an scéal agus dá thoradh sin ullmhaı́odh nuadhréacht.
Fuarthas comhairle chúntach ó chainteoirı́ dúchais as gach ceann de
na Gaeltachtaı́, ó mhúinteoirı́, agus ó dhaoine eile a raibh eolas ar
leith acu ar an teanga, agus comhaontaı́odh leis an Roinn Oideachais
an leabhrán seo a fhoilsiú mar chaighdeán le haghaidh gnóthaı́
oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirı́ agus don phobal i gcoitinne.
Tugann an caighdeán seo aitheantas ar leith d’fhoirmeacha agus do
rialacha áirithe ach nı́ chuireann sé ceartfhoirmeacha eile ó bhail ná
teir ná toirmeasc ar a n-úsáid.
An té a chloı́fidh leis na foirmeacha agus na rialacha a léirı́tear sa
leabhrán seo féadfaidh sé bheith deimhin de go bhfuil formhór na
bhfoirmeacha agus na rialacha sin ag réiteach le gnás na teanga beo
agus go bhfuil gach uile fhoirm agus riail dı́obh (ach cúpla leagan sna
huimhreacha) ag freagairt do ghnás Gaeilgeoirı́ maithe i gceantar éigin
den Ghaeltacht.
Seo iad na buntreoracha a ndearnadh an caighdeánú dá réir:—
1. Chomh fada agus ab fhéidir sin gan glacadh le foirm ná riail nach
bhfuil údarás maith di i mbeotheanga na Gaeltachta;
2. Rogha a dhéanamh de na leaganacha is forleithne atá in úsáid
sa Ghaeltacht;
ix

3. An tábhacht is dual a thabhairt do stair agus litrı́ocht na Gaeilge;


4. An rialtacht agus an tsimplı́ocht a lorg.
B’éigean go minic comhréiteach a dhéanamh idir na buntreoracha
sin.
Seo léiriú achomair ar an modh inar cuireadh i bhfeidhm iad:

Na hAinmfhocail
Gabhadh leis an gcóras dı́ochlaontaı́ a bhfuil taithı́ air ó foilsı́odh
gramadach Sheáin Uı́ Dhonnabháin breis is céad bliain ó shin.
Sa Chéad Dı́ochlaonadh bhı́ rogha le déanamh idir an t-iolra
caolaithe agus an tréaniolra a fhaightear in áiteanna ag roinnt
ainmfhocal, e.g., boinn, bonnaı́, bonnachaı́, bonnúchaı́; capaill, caiple,
capaillı́; cuntais, cuntaisı́; páipéir, páipéirı́; tairbh, taraı́. De ghrá na
rialtachta agus ós é an nós is forleithne é, agus is fearr a réitı́onn le
gnás na litrı́ochta, socraı́odh ar an iolra caol.
Bhı́ réiteach le déanamh freisin i dtaobh ainmfhocal ar nós dochtúr,
dochtúir; nádúr, nádúir, a chuirtear sa Chéad agus sa Trı́ú
Dı́ochlaonadh, agus i dtaobh ainmfhocal ar nós rásúr atá
baininscneach, agus rásúrach sa ghinideach aige, in áiteanna.
Beartaı́odh ar na hainmfhocail a bhain le daoine, e.g., dochtúir,
táilliúir, a chur sa Trı́ú Dı́ochlaonadh agus na cinn eile a cur sa Chéad
Dı́ochlaonadh. I gcás ainmfhocal ar nós siúinéir, siúinéar(a); lintéir,
lintéar, rinneadh socrú mar sin freisin, is é sin, -éir (Trı́ú
Dı́ochlaonadh) do na cinn a bhaineann le daoine, agus -éar (Céad
Dı́ochlaonadh) do na cinn eile.
Sa Dara Dı́ochlaonadh ba ı́ fadhb ba mhó a bhı́ ann teacht ar
réiteach i dtaobh an tabharthaigh uatha. Tá an t-idirdhealú idir
ainmneach agus tabharthach ag dul as feidhm le fada agus is annamh
an dá fhoirm á n-úsáid go cruinn taobh le taobh sa Ghaeltacht.
Cinneadh ar fhoirm an ainmnigh a choinneáil sa tabharthach i gcás
ainmfhocal ilsiollach. I gcás na n-ainmfhocal aonsiollach scrúdaı́odh
liostaı́ ainmfhocal agus nuair a fuarthas go raibh foirm an tabharthaigh
tagtha i dtreis chomh mór sin san ainmneach go raibh iolra dá réir
bunaithe dó gabhadh leis an bhfoirm sin don dá thuiseal.
Sa Trı́ú agus sa Cheathrú Dı́ochlaonadh glacadh leis na hiolraı́
tréana chomh fada agus ab fhéidir i dtreo, taobh amuigh den Chéad
agus den Dara Dı́ochlaonadh, nach bhfuil fágtha ach fı́orbheagán
ainmfhocal nach ionann foirm dóibh i dtuisil uile an iolra.
x

Tá mórán ainmfhocal ann a bhı́onn anonn is anall sna canúintı́ idir
an Dara, an Trı́ú, an Ceathrú agus an Cúigiú Dı́ochlaonadh. Rinneadh
iarracht iad a roinnt ar na dı́ochlaontaı́ ab oiriúnaı́ dóibh, de réir na
mbuntreoracha atá luaite thuas.

An Aidiacht
Rinneadh aon dı́ochlaonadh amháin den Chéad agus den Dara
Dı́ochlaonadh ba ghnáth ann roimhe seo. Tugadh neamhaird ar an
bhfoirm ar leith don tuiseal tabharthach, foirm atá imithe i léig ar fad
sa chaint beagnach. Glacadh leis an nós is treise agus is simplı́ i dtaobh
foirm na haidiachta agus an ainmfhocail a bheith ag comhtheacht le
chéile sa ghinideach iolra.

Na hUimhreacha
I gcúrsaı́ na n-uimhreacha nı́orbh fhéidir cloı́ le nós na cainte i
gcónaı́. Teastaı́onn córas a bheadh soláimhsithe ag daoine a bheadh
ag gabháil don uimhrı́ocht agus don mhatamaitic. Chun sin a cheapadh
b’éigean dul i muinı́n na litrı́ochta, agus i gcás na gcodán b’éigean
glacadh le roinnt leaganacha saorga.
Tá taithı́ choitianta ar na maoluimhreacha mar atá siad sa leabhrán
seo agus údarás maith leo. Briseadh leis an nós is gnáth sna leabhair
ghramadaı́, foirm iolra an ainmfocail a chur leis na huimhreacha, ar
an ábhar go bhfuarthas, tar éis an scéal a scrúdú, gur minice go mór a
chaitear an t-uatha a úsáid leo agus gur mar sin is fusa don
fhoghlaimeoir. Tá samplaı́ le fáil i seanscrı́bhinnı́ don nós a
cheadaı́tear, ar mhaithe leis an éascaı́ocht, do na huimhreacha móra.*
Nı́ bhfuarthas údarás ar bith do leaganacha ar nós ‘‘fiche a dó fear’’ ná
nı́ mheastar gá ná riachtanas a bheith leo.

Na Briathra
Tugadh comhrogha ar an bhfoirm don Mhodh Foshuiteach Caite ó
tá cúrsaı́ comhréire i gceist, agus, cé nach bhfuiltear á ligean isteach
mar chaighdeán, ceadaı́odh an fhoirm choibhneasta toisc bá mhór a
bheith leis fós in dhá chanúint.
Bhı́othas sásta trı́d is trı́d leis an rogha a moladh cheana idir na
foirmeacha táite agus na foirmeacha scartha den bhriathar agus
measadh gurbh fhearr iad a fhágáil mar sin. Géilleadh i gcás an
*e.g., céud agus ochtmhodhad agus seacht mblı́aghna (187), seacht cceud ochtmhodhad
agus dhá bliaghain (782)—Contributions to a Dictionary of the Irish Language
(R.I.A.).
xi

tsaorbhriathair don nós is treise sa Ghaeltacht, is é sin, séimhiú mar a


théann ar fhoirmeacha eile a dhul air ach amháin san Aimsir Chaite.
Tá claonadh láidir i gceann de na prı́omhchanúintı́ na briathra
coimrithe a chur sa Chéad Réimniú ach is é claonadh atá go tréan sa
dá phrı́omhchanúint eile iad a chur sa Dara Réimniú. Ós é an dara
ceann is fearr a théann chun rialtachta bhı́ dhá chúis mhaithe lena
gcur sa Dara Réimniú.
I gcomórtas le teangacha eile tá an Ghaeilge saor go maith ó
bhriathra neamhrialta, ach toisc a mhinice a bhı́onn gnó dı́obh tá
éileamh láidir ar iad a shimpliú. Ba é ba rialta deirim a fhágáil saor ó
shéimhiú i gcónaı́, agus na foirmeacha spleácha abraim (nó abraı́m),
etc., a ligean ar lár. Réitı́onn sé leis an gcaint sa chuid is mó den
Ghaeltacht cuid de na foirmeacha neamhspleácha atá ag faighim a
fhágáil ar lár. I gcás feicim bhı́ rogha le déanamh idir (a) cı́m, etc. san
fhoirm neamhspleách agus nı́ chı́m, etc., san fhoirm spleách, (b) chı́m
nó tı́m, etc., san fhoirm neamhspleách agus nı́ fheicim, etc., san fhoirm
spleách, agus (c) feicim, nı́ fheicim, etc., sna foirmeacha sin. Ba é socrú
ba shimplı́ agus ba rialta feicim a thoghadh mar chaighdeán. Nı́orbh
fhéidir neamhaird a thabhairt ar na leaganacha ar leith atá ag
déanaim, téim, san fhoirm spleách toisc go mbeadh sin ag
neamhréiteach an iomad le dhá phrı́omhchanúint.
Sna hainmneacha briathartha féachadh leis na foircinn iomadúla a
thabhairt chun rialtachta. De ghrá na simplı́ochta, agus ar iarratas
múinteoirı́ agus daoine eile, cuireadh ar ceal an mhalairt litrithe don
aidiacht bhriathartha agus do ghinideach an ainm bhriathartha i gcás
ainmneacha briathartha den Dara Réimniú a chrı́ochnaı́onn ar -ú.
Coinnı́odh -uithe, áfach, in iolra na n-ainmneacha briathartha.

Séimhiú agus Urú


Measadh nach bhfuil an t-ionú ann fós chun an choimhlint idir
séimhiú agus urú ar lorg réamhfhocail lena ngabhann an t-alt a shocrú
go cinnte. Má tá fairsinge ag nós acu de bhreis ar an nós eile tá sé
ródheoranta faoi láthair ag an lı́on mór Gaeilgeoirı́ arb é an nós eile
is dúchas dóibh, nó is cleachtadh leo, chun go mbeifı́ ag súil go
ngéillfidı́s dó. Nı́orbh fhéidir dul nı́os faide le comhréiteach eatarthu
ná d agus t a fhágáil lom, gan t a chur roimh s ná aidiacht a shéimhiú
mura mbeadh sin le déanamh san ainmneach, agus glacadh le séimhiú
i ndiaidh den, don, san.
Ina lán cásanna ina mbeadh súil le séimhiú ar ainmfhocal ar lorg
ainmfhocail eile tá an neamhshéimhiú coitianta sa Ghaeltacht.
xii

Rinneadh iarracht ar rialacha a leagan amach a mhı́neodh an


neamhshéimhiú sin ach nı́l sé le tuiscint go bhfuil mı́niú tugtha iontu
ar gach aon chás dı́obh. Nı́or mhór chuige sin gramadach
thuarascálach do gach ceann de na canúintı́.
Faightear séimhiú, neamhshéimhiú, agus t roimh s, sa dara cuid de
chomhfhocail nuair a thagann d, n, t, l, s le chéile. Is é is rialta agus is
simplı́ an neamhshéimhiú a bheith mar chaighdeán.
Féachadh le simplı́ocht agus slacht a lorg sna rialacha i dtaobh h a
chur roimh fhocail. Socraı́odh gan h a scrı́obh i ndiaidh nı́ ach amháin
roimh na forainmneacha é, ı́, iad, ea.
San aimsir chaite den Saorbhriathar tá, e.g., Hardaı́odh, (nó
hArdaı́odh), Do hardaı́odh agus ardaı́odh le fáil sa chaint. Measadh
gurb é an ceann deiridh is slachtmhaire sa scrı́obh.
Rinneadh tagairt do chúrsaı́ comhréire i gcásanna áirithe a bhfuil
dlúthbhaint acu leis an deilbhı́ocht.

Rannóg an Aistriúcháin,
Oifig Thithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Iúil, 1958.

Tharla athchló á chur ar an leabhar seo baineadh feidhm as an gcaoi


sin chun roinnt dearmad cló agus mionearráidı́ eile a cheartú, agus
chun mionleasú a dhéanamh anseo is ansiúd d’fhonn nithe áirithe a
shoiléiriú—féach lgh. 1, 11-13, 15, 17, 23, 84, 89, 119. Cuireadh
ábhairı́n focal sa bhreis leis an bhfoclóirı́n.

Iúil, 1960.

San athchló seo rinneadh leasuithe ar ainmneacha tı́ortha agus


áiteanna. Tugadh liosta na Seoltaı́ Ranna agus Oifigı́ Stáit cothrom le
dáta agus rinneadh leasuithe áirithe eile.

Meán Fómhair, 1979.


xiii

NODA
a=ainmneach g., gin.=ginideach
ab.=ainm briathartha gair.=gairmeach
aid.b.=aidiacht bhriathartha iol.=iolra
b., bain.=baininscneach lch.=leathanach
bc.=breischéim nr.=neamhrialta
br.=briathar p.=pearsa
cm.=coimrithe rf=réamhfhocal
ab.=dobhriathar t.=tabharthach
f., fir.=firinscneach u., uath.=uatha
fa.=forainm uimh.=uimhir
GRAMADACH NA GAEILGE

An tAinmfhocal
Na Dı́ochlaontaı́

Roinntear na hainmfhocail i gcúig Dhı́ochlaonadh, de réir foirm a


dtuisil ghinidigh, mar a léirı́tear sa tábla ar leathanaigh 4-5.

Na Tuisil
An tAinmneach agus an Cuspóireach. Is ionann foirm i gcónaı́ anois
don dá thuiseal seo, san Uatha agus san Iolra, agus uime sin áirı́tear
iad araon faoin teideal Ainmneach i ndı́ochlaonadh na n-ainmfhocal.
An Tabharthach. Is ionann foirm freisin don Tabharthach agus don
Ainmneach, Uatha agus Iolra, taobh amuigh den Dara Dı́ochlaonadh,
agus áirı́tear an tuiseal sin chomh maith faoin teideal Ainmneach ach
amháin sa Dara Dı́ochlaonadh.
An Ginideach. Tugtar foirm an Ghinidigh do na dı́ochlaontaı́ éagsúla
sa tábla thall agus sa trácht ar na dı́ochlaontaı́ ar leithligh.
An Gairmeach. Sa tuiseal Gairmeach cuirtear an mhı́r a roimh an
ainmfhocal agus séimhı́tear túschonsan an ainmfhocail ar a lorg. Is
ionann foirm don Ghairmeach agus don Ainmneach ach amháin sa
Chéad Dı́ochlaonadh agus nı́ gá é a shonrú ar leithligh taobh amuigh
den dı́ochlaonadh sin.

An tIolra
Is féidir iolraı́ na n-ainmfhocal a roinnt ina dhá bprı́omhaicme—
(1) Iolraı́ a bhfuil foirm leithleach acu sa Ghinideach.
Baineann leis an aicme sin—
(a) ainmfhocail a chrı́ochnaı́onn ar chonsan san Ainmneach,
Uatha agus Iolra, e.g., fear, fir. Sa Chéad Dı́ochlaonadh
amháin atá na hiolraı́ sin. Is ionann foirm don Ghinideach
Iolra agus don Ainmneach Uatha acu.
1
2 GRAMADACH NA GAEILGE

(b) ainmfhocail a ghabhann an foirceann -a gan coimriú ná


malartú guta nó gutaı́ ná leathnú* ar an mbunfhoirm, e.g.,
cailleach, cailleacha. Sa Dara Dı́ochlaonadh is mó atá na
hiolraı́ sin. Cailleann siad an t-a sa Ghinideach Iolra.
(c) dornán ainmfhocal sa Dara agus sa Cúigiú Dı́ochlaonadh
(e.g., dúil, glúin, súil; caora, faocha, lacha) agus
corrainmfhocal neamhrialta, e.g., bó, bean.

(2) Iolraı́ a choinnı́onn an fhoirm chéanna do gach ceann de na


tuisil. Baineann leis an aicme seo gach iolra nach bhfuil luaite faoi
(1) thuas. Tugtar tréaniolraı́ orthu uaireanta toisc nach n-athraı́onn
a bhfoirm.

Caolú
Is é is caolú ann i ndı́ochlaonadh ainmfhocal consan leathan—is é sin,
consan a bhfuil guta leathan roimhe—a dhéanamh caol. Caolaı́tear é
de ghnáth tri -i- a chur roimhe, e.g., cnoc, cnoic.
Athraı́tear gutaı́ áirithe, go hiondúil mar a leanas nuair a chaolaı́tear
an consan ina ndiaidh—
(a) -ea- agus -io->-i-. e.g., ceann, cinn; fionn, finn (ach in
ainmfhocail aonsiollacha áirithe ea->ei-, e.g., each, eich);
(b) -éa- agus -ia->-éi, e.g., béal, béil; iasc, éisc (ach fiach, (=seilg),
srian>fiaigh, sriain);
(c) -ı́o->-ı́-, e.g., sı́ol, sı́l;
(d) in ainmfhocail ilsiollacha, -ach>aigh, -each>igh, -ı́och>-ı́gh,
e.g. bithiúnach, bithiúnaigh; cléireach, cléirigh; gaiscı́och,
gaiscı́gh. (Baineann an t-athrú sin leis na
hainmfhocail aonsiollacha seo a leanas a scrı́obhtaı́ mar
fhocail dhá shiolla:— dúch, dúigh; fiach, fiaigh; agus le
corrainmfhocal aonsiollach eile, e.g., fraoch, fraoigh).

Leathnú
Is ionann leathnú i ndı́ochlaonadh ainmfhocal agus malairt an nı́ is
caolú ann. Déantar an leathnú de ghnáth trı́d an -i- roimh an gconsan
deiridh a ligean ar lár, e.g., athair, athar; droim, droma.

*Féach lch. 13.


AN tAINMFHOCAL 3

Athraı́tear gutaı́ áirithe, go hiondúil, mar a leanas nuair a


leathnaı́tear iad—
(a) -ei-, -i-, >-ea-, e.g., greim, greama; mil, meala.
(b) -éi->-éa-, e.g., tincéir, tincéara;
(c) -ui->-o-, e.g., fuil, fola.

Coimriú
Is é is coimriú ann guta nó gutaı́ atá gairid neamhaiceanta a ligean
ar lár as focal nuair a dhéantar infhilleadh gramadaı́ air, e.g., obair,
oibre; cathair, cathrach.
4

gearrléiriú ar na dı́ochlaontaı́

dı́och-
laonadh uatha iolra inscne

Ainmneach Ginideach Ainmneach Ginideach

I Crı́ochnaı́onn ar Caolaı́tear an consan Ar aon fhoirm de Ar aon fhoirm de Firinscneach


chonsan leathan, deiridh, e.g., báid, ghnáth leis an ghnáth leis an
e.g, bád, marcach, marcaigh, ceoil, nginideach uatha ainmneach uatha,
ceol, cás. cáis. e.g., báid, e.g., bád, marcach.
marcaigh.

I gcás tréaniolraı́ is ionann foirm do na


tuisil go léir, e.g., ceolta, cásanna.

II Crı́ochnaı́onn ar Crı́ochnaı́onn ar -e, (1) -a, e.g., bróga, Cailltear an t-a, e.g., Baininscneach ach
chonsan (leathan e.g., bróige, áite, gamhnacha, bróg, gamhnach, corrfhocal, e.g., im,
nó caol), e.g., bróg, aislinge, foirme, baintreacha. baintreach. sliabh.
áit, aisling, foirm, péine, tı́re, coille;
GRAMADACH NA GAEILGE

pian, tı́r, coill, nó ar -(a)ı́, e.g., (2) -(e)anna, -ı́, -acha, -t(h)a, -te, an fhoirm
gamhnach, gamhnaı́, baintrı́. chéanna do na tuisil go léir, e.g.,
baintreach. áiteanna, aislingı́, foirmeacha, pianta,
tı́ortha, coillte.
gearrléiriú ar na dı́ochlaontaı́ ar leanúint

dı́och-
laonadh uatha iolra inscne

Ainmneach Ginideach Ainmneach Ginideach

III Crı́ochnaı́onn ar Crı́ochnaı́onn ar -a, -(a)ı́, -anna, -acha, -ta, -te, an fhoirm Firinscneach agus
chonsan (leathan e.g., bádóra, éachta, chéanna do na tuisil go léir, e.g., bádóirı́, Baininscneach
nó caol), e.g., forála, lusa, éachtaı́, lusanna, forálacha, gleannta,
bádóir, éacht, lus, gleanna, feadaı́ola, táinte.
foráil, gleann, tána.
feadaı́l, táin.

IV Crı́ochnaı́onn ar ghuta nó ar -ı́n, e.g., acra, -ı́, -(i)the, -nna, an fhoirm chéanna do na Firinscneach agus
oibrı́, trá, asailı́n. Nı́ athraı́onn sa tuisil go léir, e.g., acraı́, asailı́nı́, oibrithe, Baininscneach
AN tAINMFHOCAL

Ghinideach. tránna.

V Crı́ochnaı́onn ar -il, Crı́ochnaı́onn ar -cha, -na, -ı́, an fhoirm chéanna do na tuisil Baininscneach, ach
-in, -ir, nó ar ghuta, chonsan leathan, go léir, e.g., cabhlacha, cánacha, roinnt bheag
e.g., cabhail, cáin, e.g., cabhlach, aithreacha, comharsana, fichidı́. firinscneach.
athair, comharsa, cánach, athar,
fiche. comharsan,
fichead.
5
6 GRAMADACH NA GAEILGE

AN CHÉAD DÍOCHLAONADH
Leis an dı́ochlaonadh seo a bhaineann bunáite na n-ainmfhocal
firinscneach a chrı́ochnaı́onn ar chonsan leathan san Ainmneach
Uatha.
Sa Ghinideach Uatha caolaı́tear an consan deiridh, e.g., bard, baird;
sagart, sagairt.
Gabhann na hathruithe a luaitear ar leathanach 2 leis an gcaolú ach
nı́ athraı́onn -ia- go -éi- sna hainmfhocail seo:—Brian, Briain; fiach,
fiaigh; rian, riain; srian, sriain; trian, triain agus cliant, cliaint; fiar, fiair;
giar, giair.
Athraı́onn mac go mic sa Ghinideach Uatha agus san Ainmneach
Iolra.
Gairmeach Uatha. Is ionann foirm de ghnáth don Ghairmeach
Uatha agus don Ghinideach Uatha, e.g., a bhacaigh, a Sheáin, a
Shéamais.
Nı́ gnáth, áfach, infhilleadh sa Ghairmeach Uatha—
(a) ar shlua-ainmneacha, e.g., a phobal, a chomhthionól;
(b) ar ainmfhocail a úsáidtear le brı́ mheafarach, nó mar
théarmaı́ ceana, nó i gcomhleagan, e.g., a cheann cipı́n, a
chumann, a rún, a stór, a théagar, a ghrá geal, a rós geal, a
scáthán an chirt, a shólás na ndobrónach.

An tIolra
Tá foirm leithleach sa Ghinideach Iolra ag ainmfhocail a gcaolaı́tear
a nAinmneach Uatha, nó a gcuirtear -a leis (gan a choimriú), chun an
tAinmneach Iolra a dhéanamh. Is ionann foirm an Ghinidigh Iolra
agus foirm an Ainmnigh Uatha iontu sin.
Sna hainmfhocail eile is ionann foirm don Ghinideach Iolra agus
don Ainmneach Iolra.

An Gairmeach Iolra
Is ionann foirm don Ghairmeach Iolra agus don Ainmneach Iolra
ach amháin i gcás na n-iolraı́ caolchonsain. Is gnáth -a a chur le foirm
an Ainmnigh Uatha de na hainmfhocail sin chun an Gairmeach Iolra
a dhéanamh, e.g., fear, a fheara; Gael, a Ghaela.
AN tAINMFHOCAL 7

Ainmfhocail a bhaineann leis an gCéad Dı́ochlaonadh:


Consan caol san Ainmneach Iolra; ainmfhocail aonsiollacha agus
ilsiollacha:—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Ainmneach ginideach
bád báid báid bád
breac bric bric breac
éan éin éin éan
Gael Gaeil Gaeil Gael
iasc éisc éisc iasc
leon leoin leoin leon
maor maoir maoir maor
naomh naoimh naoimh naomh
peann pinn pinn peann
roc roic roic roc
scolb scoilb scoilb scolb
tarbh tairbh tairbh tarbh
uan uain uain uan

bacach bacaigh bacaigh bacach


beithı́och beithı́gh beithı́gh beithı́och
coileach coiligh coiligh coileach
dualgas dualgais dualgais dualgas
eitleán eitleáin eitleáin eitleán
focal focail focail focal
foirgneamh foirgnimh foirgnimh foirgneamh
garsún garsúin garsúin garsún
gasúr gasúir gasúir gasúr
inneall innill innill inneall
nóiméad nóiméid nóiméid nóiméad
ospidéal ospidéil ospidéil ospidéal
páipéar páipéir páipéir páipéar
pinsean pinsin pinsin pinsean
sı́ntús sı́ntiúis sı́ntiúis sı́ntiús

Tuilleadh Samplaı́:—
abhac, alt, arm, ball, banbh, boc, bonn, bord, brat, broc, carn, cat,
ceann, clár, clog, cnoc, colm, corn, corp, crann, craos, dall, daol, daor,
fód, gabhar, gadhar, gás, glas, gort, leabhar, mol, ord, poll, port, post,
8 GRAMADACH NA GAEILGE

punt, sac, seabhac, sop, stát, tor; acadamh, aifreann, amadán, aspal,
bácús, botún, buicéad, buidéal, caisleán, casúr, ciarsúr, cléireach,
clochar, colún, costas, cumann, dearmad, dinnéar, drisiúr, fathach,
gaiscı́och, galar, ionad, lasán, lipéad, marcach, milseán, miosúr, miotal,
oifigeach, oileán, parlús, pictiúr, pionsúr, portús, ráiteas, rásúr,
scamall, scrioptúr, séipéal, sinsear, sionnach, sóisear, sparán, suipéar,
tinteán.

-a san Ainmneach Iolra; roinnt ainmfhocal aonsiollach:—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Ainmneach ginideach
bruas bruais bruasa bruas
cág cáig cága cág
ceap cip ceapa ceap
ceart cirt cearta ceart
cleas clis cleasa cleas
cuas cuais cuasa cuas
giall géill gialla giall
gob goib goba gob
ı́ol ı́l ı́ola ı́ol
más máis mása más
nod noid noda nod
úll úill úlla úll

Tréaniolraı́
-ta san Iolra; formhór na n-ainmfhocal aonsiollach le guta fada nó
le défhoghar a chrı́ochnaı́onn ar -l (singil) nó -n (singil). Tá dornán
beag a chrı́ochnaı́onn ar -r (singil) a bhfuil -tha san iolra acu—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Gach tuiseal
ceol ceoil ceolta
fál fáil fálta
gaol gaoil gaolta
mı́ol mı́l mı́olta (móra)
néal néil néalta
saol saoil saolta
AN tAINMFHOCAL 9

scéal scéil scéalta


seol seoil seolta
sı́ol sı́l sı́olta
siúl siúil siúlta
stól stóil stólta

bán báin bánta


braon braoin braonta
claon claoin claonta
cuan cuain cuanta
dán dáin dánta
dı́on dı́n dı́onta
dún dúin dúnta
lı́on lı́n lı́onta
lón lóin lónta
raon raoin raonta
rian riain rianta
rón róin rónta
sleán sleáin sleánta
srian sriain srianta
agus
céad céid céadta

glór glóir glórtha


múr múir múrtha
pór póir pórtha
scór scóir scórtha
stór stóir stórtha
tuar tuair tuartha

-aı́ nó -ı́ san Iolra; ainmfhocail ilsiollacha áirithe a chrı́ochnaı́onn


ar -ch, agus roinnt ar -dh, san Ainmneach Uatha, maraon le
dornáinı́n focal ar leith—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Gach tuiseal
árthach árthaigh árthaı́
bealach bealaigh bealaı́
cladach cladaigh cladaı́
éadach éadaigh éadaı́
10 GRAMADACH NA GAEILGE

mullach mullaigh mullaı́


orlach orlaigh orlaı́
soitheach soithigh soithı́
ualach ualaigh ualaı́

cogadh cogaidh cogaı́


cuireadh cuiridh cuirı́
deireadh deiridh deirı́
geimhreadh geimhridh geimhrı́
ionradh ionraidh ionraı́
margadh margaidh margaı́
samhradh samhraidh samhraı́

cúram cúraim cúraimı́


figiúr figiúir figiúiri
leanbh linbh leanaı́

agus -taı́, -thaı́ ag—

aonach aonaigh aontaı́


toradh toraidh torthaı́

Tréaniolraı́ eile:
-anna: bás, básanna; bun, bunanna; carr, carranna; cás, cásanna;
clab, clabanna; dos, dosanna; gléas, gléasanna; gnás, gnásanna;
leigheas, leigheasanna; luas, luasanna; praghas, praghsanna; rós,
rósanna; saghas, saghsanna; sás, sásanna; spás, spásanna; stad,
stadanna.

-e agus coimriú: bóthar, bóithre; cloigeann, cloigne; craiceann,


craicne; doras, doirse; éigeas, éigse; leiceann, leicne; uasal, uaisle.

-acha: cineál, cineálacha; coinnı́oll, coinnı́ollacha; leagan,


leaganacha; réal, réalacha; tobar, toibreacha.
-te: claı́omh, claimhte; muileann, muilte; smaoineamh, smaointe.

Ilghnéitheach: breitheamh, breithiúna; fealsamh, fealsúna; ollamh,


ollúna; briathar, briathra; dorn, doirne; scaitheamh, scaitı́;
agus gnı́omh, gnı́omhartha; laoch (g., laoich), laochra; each, eachra.
AN tAINMFHOCAL 11

AN DARA DÍOCHLAONADH
Crı́ochnaı́onn ainmfhocail an dı́ochlaonta seo ar chonsan, leathan
nó caol, san Ainmneach Uatha. Is baininscneach dóibh uile ach im,
sliabh agus corrfhocal eile.

Ginideach Uatha
I gcás ainmfhocal seachas ilsiollaigh a chrı́ochnaı́onn ar -(e)ach
cuirtear -e leis an Ainmneach Uatha agus más consan leathan is crı́och
dó caolaı́tear é, e.g., bróg, bróige; coill, coille.
I gcás ainmfhocal ilsiollach a chrı́ochnaı́onn ar -(e)ach déantar -(a)ı́
(ó -(a)ighe) den -(e)ach, e.g., scornach, scornaı́; cailleach, caillı́.
Gabhann na hathruithe a luaitear ar leathanach 2 leis an gcaolú faoi
réir na n-eisceachtaı́ seo a leanas—
-ea->-ei- ach san ainmfhocal aonsiollach cearc, circe agus sa siolla
neamhaiceanta d’ainmfhocail ilsiollacha, e.g., bruinneall,
bruinnille; ficheall, fichille.
scian>scine.

An Tabharthach Uatha
Is féidir go hiondúil ceachtar de dhá fhoirm a úsáid don
Tabharthach Uatha i gcás ainmfhocal a chrı́ochnaı́onn ar chonsan
leathan:
(1) foirm is ionann agus foirm an Ainmnigh Uatha;
(2) foirm leithleach is ionann agus foirm an Ainmnigh Uatha
arna caolú, e.g., clann, clainn; báisteach, báistigh.
Cloı́tear leis an bhfoirm leithleach sna hainmfhocail bos, bróg, cluas,
cos, lámh. Dı́ochlaontar mar seo iad—

uatha iolra
Ainmneach tabharthach ginideach Ainmneach ginideach
bos bois boise bosa bos
bróg bróig bróige bróga bróg
cluas cluais cluaise cluasa cluas
cos cois coise cosa cos
lámh láimh láimhe lámha lámh
Coinnı́tear an fhoirm leithleach sin freisin in abairtı́nı́ ina bhfuil sı́
seanbhunaithe, e.g., cur i gcéill.
12 GRAMADACH NA GAEILGE

An tIolra
Ainmfhocail a ghabann -a gan coimriú ná malartú guta nó gutaı́ ná
leathnú* ar an mbunfhoirm cailleann siad an t-a sa Ghinideach Iolra.
Tá foirm ar leith don Ghinideach Iolra ag cúpla focal a chrı́ochnaı́onn
ar -e san Ainmneach Iolra.
Is ionann foirm don Ghinideach Iolra agus don Ainmneach Iolra ag
na hainmfhocail eile.
-a san Iolra; ainmfhocail aonsiollacha agus ilsiollacha a
chrı́ochnaı́onn ar chonsan leathan:—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Ainmneach ginideach

beach beiche beacha beach


clann clainne clanna clann
géag géige géaga géag
long loinge longa long
póg póige póga póg

amharclann amharclainne amharclanna amharclann


fuinneog fuinneoige fuinneoga fuinneog
maighdean maighdine maighdeana maighdean

ainmfhocail ilsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -(e)ach:—

baintreach baintrı́ baintreacha baintreach


scornach scornaı́ scornacha scornach

Tuilleadh samplaı́: adharc, bréag, bruinneall, cealg, cliath, cloch,


crı́och, croch, crúb, dealbh, dealg, dias, drong, gaoth, gealt, gearb,
lann, lúb, luch, mias, muc, preab, punann, sceach, sciath, scuab, slat,
speal, sreang, téad;

*Féach lch. 13.


AN tAINMFHOCAL 13

ainmfhocail a chrı́ochnaı́onn ar:—


-eog, -óg, e.g., cábóg, cuileog, dallóg, fuinneog, neantóg, spideog;
-lann, e.g., leabharlann, otharlann, saotharlann;

ainmfhocail ilsiollacha bhaininscneacha a chrı́ochanı́onn ar


-(e)ach, e.g., cláirseach, curach, gealach, giolcach, girseach,
óinseach;

ainmfhocail is gá a leathnú; nı́ chailleann siad an t-a de ghnáth sa


Ghinideach Iolra (réiltı́n leis na heisceachtaı́):—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Ainmneach ginideach

*binn binne beanna beann


cill cille cealla cealla
creig creige creaga creaga
*deoir deoire deora deor
*ealaı́n ealaı́ne ealaı́ona ealaı́on
rinn rinne reanna reanna
roinn roinne ranna ranna
*seoid seoide seoda seod
uisinn uisinne uiseanna uiseanna

-e san Iolra ag dornán beag a chrı́ochnaı́onn ar chonsan caol:—

ainimh ainimhe ainimhe aineamh


dúil dúile dúile dúl
glúin glúine glúine glún
súil súile súile súl

Tréaniolraı́
-a agus coimriú, leathnú nó malartú gutaı́ san iolra:—
dabhach, g. daibhche, iol. dabhcha; scian, g. scine, iol., sceana; agus
féach cill, etc. thuas.
14 GRAMADACH NA GAEILGE

-eanna san iolra; ainmfhocail aonsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar


chonsan caol:—
adhairt, ailp, áit, aois, béim, beirt, breith, buaic, céim (agus coiscéim)
ceird, ceist, ciumhais, clais, cleith, cóip, coir, crois, cruimh, cuairt, cuil,
cuilt, cúirt, cúis, deis, draid, duais, feidhm, feis, gráig, léim, luibh,
maidhm, maoil, mı́r, móid, moing, páirc, páirt, pluais, scáil, scair, scoil,
scoilt, seift, snaidhm, sráid, sraith, stailc, suim, treibh, uaigh;
-anna san iolra ag:— blaosc, breab, fadhb, pléasc, sprioc.
-ı́ san Iolra; ainmfhocail ilsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar chonsan
caol:—
abairt, agóid, aicı́d, aisling, ascaill, bolgóid, cailı́s, cáipéis, constaic,
contúirt, diallait, eaglais, earráid, fearsaid, feithid, feoirling, inis (insı́)
ioscaid, lámhainn, léaráid, liathróid, losaid, mı́orúilt, neascóid, oifig,
óráid, pingin, reilig, scilling, scrı́bhinn, seachtain, snáthaid, sochraid,
teoiric, tionóisc, tuaiplis, tuairisc, uirlis.

-(e)acha san Iolra; ainmfhocail aonsiollacha agus ilsiollacha a


chrı́ochnaı́onn ar chonsan caol:—
ainnir, bainis, bachlainn, carraig, ceirt, cistin, coirm, coirt, colainn
craobh, ding, dris, fáir, feirm, féith, foirm, fréamh, gairm, iall, inı́on,
iothlainn, ladhar (g., laidhre, iol., ladhracha), lánúin, maidin, muirı́n,
muintir, nead (g., neide), obair (g., oibre, iol., oibreacha), paidir (g.,
paidre, iol., paidreacha), pailm, speir, stéig, stiall, stoirm, uaill, uain,
ubh (uibheacha), uillinn, ursain.

-ta san Iolra; roinnt ainmfhocal aonsiollach a chrı́ochnaı́onn ar -l,


-n, leathan:—
buı́on, bruı́on, grian, mian, pian, sian, sı́on, spı́on, tonn, steall; agus -te
san Iolra ag cinn a chrı́ochnaı́onn ar -l, -n, caol—
aill, coill, bléin, broinn, cadhain (g., caidhne, iol., caidhnte), gin, linn,
saill, scrı́n, slinn.

-tha san Iolra; roinnt ainmfhocal a chrı́ochnaı́onn ar -ir:—

aoir, aortha; gáir, gártha; stair, startha; spéir, spéartha; tı́r, tı́ortha.
AN tAINMFHOCAL 15

-e agus coimriú, agus iolraı́ ilghnéitheacha:—


caingean, g., caingne, iol., caingne
coinneal, g., coinnle, iol., coinnle
culaith, g., culaithe, iol., cultacha
foireann, g., foirne, iol., foirne
gréith, g., gréithe, iol., gréithe
gualainn, g., gualainne, iol., guaillı́
sliabh, (f). g., sléibhe, iol., sléibhte
tréith, g., tréithe, iol., tréithe
troigh, g., troighe, iol., troithe.

AN TRÍÚ DÍOCHLAONADH
Ainmfhocail a chrı́ochnaı́onn ar chonsan, leathan nó caol, san
Ainmneach Uatha, agus ar -a, le leathnú más gá sin, sa Ghinideach
Uatha, e.g., gleann, gleanna; buachaill, buachalla.
Is leis an dı́ochlaonadh seo a bhaineann ainmfhocail ilsiollacha* a
chrı́ochnaı́onn ar -áil, -úil, -aı́l, -úint, -cht; -éir, -eoir, -óir, -úir.
Athraı́tear -io- go -ea- go hiondúil sa Ghinideacha Uatha i gcás
ainmfhocal aonsiollach, e.g., crios, creasa; lios, leasa (ach cion
(=coir), ciona.).
Ligtear an -t ar lár sa Ghinideach Uatha as ainmfhocail a
chrı́ochnaı́onn ar -int, e.g., oiliúint, oiliúna; agus déantar -th- den -t i
gcás ainmfhocal a chrı́ochnaı́onn ar -irt, e.g., imirt, imeartha.

An tIolra
-(a)ı́ san Iolra:—
ainmfhocail ilsiollacha (firinscneach ach corrcheann mar altóir,
seanmóir) a chrı́ochnaı́onn ar -éir, -eoir, -óir, -úir, agus ainmfhocail
ilsiollacha (baininscneach ach cúpla ceann mar comhlacht, complacht,
gnólacht) a chrı́ochnaı́onn ar -cht, -úint; -irt (ainmneacha
briathartha):—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Gach tuiseal
báicéir báicéara báicéirı́
cainteoir cainteora cainteoirı́

*ach ainmneacha tı́ortha—an Dara Dı́ochlaonadh.


16 GRAMADACH NA GAEILGE

dlı́odóir dlı́odóra dlı́odóirı́


dochtúir dochtúra dochtúirı́

beannacht beannachta beannachtaı́


gluaiseacht gluaiseachta gluaiseachtaı́
ı́ocaı́ocht ı́ocaı́ochta ı́ocaı́ochtaı́

canúint canúna canúinti


eisiúint eisiúna eisiúintı́

bagairt bagartha bagairtı́


ı́obairt ı́obartha ı́obairtı́

Tuilleadh Samplaı́:— bádóir, bearbóir, cúipéir, cuntasóir, cúntóir,


custaiméir, feirmeoir, muilleoir, péintéir, pinsinéir, rinceoir, saighdiúir,
sealbhóir, siúinéir, strainséir, táilliúir, tuismitheoir, tincéir;
cáilı́ocht, cainnı́ocht, cuallacht, iarracht, iasacht, impireacht,
mallacht, oidhreacht agus na hainmfhocail aonsiollacha cumhacht,
dréacht (f), éacht (f), léacht, rı́ocht.

Mar sin a dhı́ochlaontar freisin ainmneacha briathartha ilsiollacha


(nı́ gnáth foirm iolra acu) a chrı́ochnaı́onn ar -ain(t), -áint, -chan,
e.g.:—

cantain, cosaint, taispeáint, tiomáint;


athnuachan, beochan, buı́ochan, cruachan.

Ainmfhocail ilghnéitheacha—
anacair (b), g., anacra, iol., anacraı́
buachaill (f), g., buachalla, iol., buachaillı́
buairt (b), g., buartha, iol., buarthaı́
conradh (f), g., conartha, iol., conarthaı́
dáil (b), g., dála, iol., dálaı́
maitheas (b), g., maitheasa, iol., maitheasaı́
mionn (f), g., mionna, iol., mionnaı́
rás (f), g., rása, iol., rásaı́
roth (f), g., rotha, iol., rothaı́
rud (f), g., ruda, iol., rudaı́
tairiscint (b), g., tairisceana, iol., tairiscintı́.
AN tAINMFHOCAL 17

-anna san Iolra (is firinscneach dóibh mura gcuirtear a mhalairt in


iúl); ainmfhocail aonsiollacha:—
acht, am, áth; bior, bláth, both (b); cath, ceacht, cead, cı́os, cith
(ceathanna), cnead (b), crios, crith (iol., creathanna), cruth, cuid (b)
iol., codanna); dath; dleacht (b), dream, droim (iol., dromanna), drol;
eas; fáth; greim (iol., greamanna), guth; leacht, léas (dlı́), lios, loch,
locht, luach, lus; mám*; racht, rang, ráth (b), reacht; scáth, scoth (b),
scread (b), seal, seam, seas, snáth, sos, sruth; taom, tocht, tráth, troid
(b); uacht (b), uaim (b) (iol. uamanna), ucht, úth.

-a agus coimriú, leathnú nó malartú gutaı́ san iolra—feadhain (b)


(g., agus iol. feadhna), gamhain (g. agus iol., gamhna); slios (g., agus
iol., sleasa); flaith (g., agus iol., flatha).
-a (lagiolraı́):—béas, dreas, tréad, treas.

-acha san Iolra; ainmfhocail ilsiollacha bhaininscneacha a


chrı́ochnaı́onn ar -l, -n, -r, caol:—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Gach tuiseal
admháil admhála admhálacha
barúil barúla barúlacha
canáil canála canálacha
ciondáil ciondála ciondálacha
éagóir éagóra éagóracha
foghail foghla foghlacha
foráil forála forálacha
inneoin inneona inneonacha
ofráil ofrála ofrálacha
onóir onóra onóracha
samhail samhla samhlacha

Mar sin a dhı́ochlaontar freisin anam (f), g., anama, iol., anamacha,
úim (b). g., úma, iol., úmacha, agus focail ar -aı́l, e.g., feadaı́l, sceamhaı́l
(g., feadaı́ola, sceamhaı́ola).

*f.=bearnas, b.=lán doirn.


18 GRAMADACH NA GAEILGE

-ta san Iolra; ainmfhocail aonsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -l, -n,


leathan (firinscneach) nó caol (baininscneach):—

bliain bliana blianta (bliana le huimhreacha)


cion (=coir) ciona cionta
feoil feola feolta
fı́on fı́ona fı́onta
gleann gleanna gleannta
goin gona gonta
leann leanna leannta

-te san Iolra ag cluain g., cluain g., cluana iol., cluainte; móin, g., móna
iol., móinte; táin, g., tána, iol., táinte.

AN CEATHRÚ DÍOCHLAONADH
Ainmfhocail fhirinscneacha agus dı́speagthaı́ ar -ı́n, formhór na
n-ainmfhocal a chrı́ochnaı́onn ar ghuta, agus dornán beag ainmfhocal
eile.
Nı́ théann aon athrú foirme sa Ghinideach Uatha ar ainmfhocail an
dı́ochlaonta seo.
Is baininscneach de ghnáth* don dı́speagadh ar -ı́n más focal
baininscneach coitianta an bunfhocal, ach is mar ainmfhocal
firinscneach a dhı́ochlaontar gach dı́speagadh sa Ghinideach agus sa
Ghairmeach Uatha, e.g., an bheainı́n bheag, teach an bheainı́n bhig, a
bheainı́n bhig.
Is firinscneach freisin d’ainmneacha pearsanta a chrı́ochnaı́onn ar
-(a)ı́ nó -aire, e.g., ceannaı́, cócaire.
Is baininscneach d’ainmfhocail theibı́ a chrı́ochnaı́onn ar -e agus a
chumtar ó aidiachtaı́, e.g., airde, gile, saoirse.
Sna liostaı́ ainmfhocal a leanas is firinscneach do na hainmfhocail
nach gcuirtear a mhalairt in iúl ina dtaobh.

*Tá correisceacht ann, e.g., paidir, b., paidrı́n f.; toit, b. toitı́n, f.
AN tAINMFHOCAL 19

An tIolra
-(a)ı́ san Iolra; ainmfhocail a chrı́ochnaı́onn ar -ı́n, nó ar -a nó -e:—

uatha iolra
Gach tuiseal Gach tuiseal
báidı́n báidı́nı́
féirı́n féirı́nı́
ailtire ailtirı́
iascaire iascairı́
balla ballaı́
banaltra (b) banaltraı́
fáinne fáinnı́
lile (b) lilı́

Tuilleadh Samplaı́:—asailı́n, báisı́n, baitı́n, cailı́n, ceirnı́n, coinı́n,


drisı́n, gairdı́n, ispı́n, láirı́n (b), paidrı́n, ribı́n, sicı́n, smachtı́n, toitı́n,
veidhlı́n; bata, céachta, dalta, dı́lleachta, earra, garda, gotha, liosta,
lomra, meana, mianra, nóta, peaca, pionta, pı́opa, raca, slabhra, siopa,
teachta, tiarna (agus bantiarna (b)), tionónta; bairille, béile, brı́ste,
blúire, buille, carráiste, cı́ste, ciste, cleite, cluiche, cnaipe, cóiste,
coláiste, dréimire, file, gáire, garáiste, lacáiste, machaire, oráiste,
páiste, paiste, pasáiste, pointe, ribe, rı́ste, seilide, smı́ste, staighre,
súiste, tuisle, uisce;

(Baininscneach)—bearna, beatha, ceárta, comhla, cónra, cora,


cuideachta, eala, easpa, lorga, ola; aicme, áirse, aiste, comhairle,
cuilithe, cuisle, duáilce, eitre, faiche, fáilte, gloine, loine, muinchille,
sláinte, suáilce, taibhse, táille, taoide, timpiste, tréimhse, tubaiste.

Eisceachtaı́: -te san iolra ag roinnt bheag ainmfhocal a


chrı́ochnaı́onn ar -le, -ne:—baile, féile (b), fine (b), lı́ne (b), mı́le,
sloinne, tine (b), tuile (b); agus iolraı́ ar leith ag:—aithne (b),
aitheanta; cine, cinı́ocha; duine, daoine; gabha, gaibhne; oı́che (b),
oı́cheanta; teanga (b), teangacha.
20 GRAMADACH NA GAEILGE

-the san Iolra; ainmfhocail a chrı́ochnaı́onn ar -(a)ı́, -aoi, -é


(coinnı́tear ı́ (fada) sna hainmfhocail aonsiollacha, ach nı́>nithe)—

uatha iolra
Gach tuiseal Gach tuiseal
ainmhı́ ainmhithe
ceannaı́ ceannaithe
céimı́ céimithe
croı́ croı́the
dlı́ dlı́the
eolaı́ eolaithe
fostaı́ fostaithe
garraı́ garraithe
moncaı́ moncaithe
nı́ nithe
oibrı́ oibrithe
rı́ rı́the
rúnaı́ rúnaithe

baoi baoithe
braoi (b) braoithe
daoi daoithe
dlaoi (b) dlaoithe
draoi draoithe
laoi (b) laoithe
saoi saoithe
bé (b) béithe
finné finnéithe
giúiré giúiréithe

Eisceachtaı́: -nna san iolra ag aoi, aı́onna; brı́ (b), brı́onna; caoi (b),
caı́onna; cé (b), céanna; gé (b), géanna; graı́ (b), graı́onna; ré (b),
réanna; spré (b), spréanna;
agus iolraı́ ar leith ag achainı́ (b), achainı́ocha; claı́, claı́ocha; slı́ (b),
slite.

-nna san Iolra; ainmfhocail a chrı́ochnaı́onn ar -á (agus -eá), -ó (agus
-eo), -ú, agus ar -eá, -ia, -ogha, -ua, -ao:—
AN tAINMFHOCAL 21

uatha iolra
Gach tuiseal Gach tuiseal
bá bánna
feá feánna
ı́omhá (b) ı́omhánna
meá (b) meánna
trá (b) tránna

bró (b) brónna


ceo ceonna
cnó cnónna

brú brúnna
cú cúnna
criú criúnna
liú liúnna
scriú scriúnna
sú súnna
tlú tlúnna

fleá (b) fleánna


sleá (b) sleánna

fia fianna
nia nianna

bogha boghanna
fogha foghanna
rogha (b) roghanna
logha loghanna

bua buanna
grua (b) gruanna
stua stuanna
tua (b) tuanna

glao (b) glaonna


lao laonna
22 GRAMADACH NA GAEILGE

agus roinnt ainmfhocal iasachta a chrı́ochnaı́onn ar chonsan, e.g., bus,


club, pas, seic, téacs, tram.

Eisceachtaı́: -te san iolra ag comhrá, comhráite; cró, cróite; gró,


gróite; rá, ráite; slua, sluaite, agus crú, crúite; agus iolraı́ ar leith
ag:—airı́, airı́ona; aturnae, aturnaetha; bó (b), ba (g., iol., bó); cneá
(b), cneácha; contae, contaetha; giorria, giorriacha; gnó, gnóthaı́; lia,
lianna.

Baineann leis an dı́ochlaonadh seo freisin:—


ainm, ainmneacha; bruach, bruacha; cliamhain, cliamhaineacha;
daichead, daichidı́; dosaen, dosaenacha; ga, gathanna; giúistı́s, giúistı́sı́;
láı́ (b), lánta; máistir, máistrı́; ministir, ministrı́, agus (nı́ dual dóibh
foirm iolra a bheith acu) cruach (miotal) (b), dóthain (b), gorta,
iomad, lucht (=daoine), oiread, tobac, agus ainmneacha pearsanta
áirithe, e.g., Liam, Uilleag.

AN CÚIGIÚ DÍOCHLAONADH
Ainmfhocail a chrı́ochnaı́onn ar chonsan caol nó ar ghuta san
Ainmneach Uatha agus ar chonsan leathan (-ch, -d, -(n)n, -r) sa
Ghinideach Uatha.
Is baininscneach d’fhormhór na n-ainmfhocal sa dı́ochlaonadh seo.

An tIolra
-(e)acha san Iolra:—

(a) Ainmfhocail bhaininscneacha a chrı́ochnaı́onn ar -il, -in, -ir.


Sa Ghinideach Uatha leathnaı́tear consan deiridh
ainmfhocal aonsiollach, agus ainmfhocal eile nach ndéantar
coimriú orthu, agus cuirtear -ach leis. Coimrı́tear ainmfhocail
ilsiollacha más guta gearr atá sa siolla deiridh acu agus
cuirtear -(e)ach leo (braitheann cáilı́ocht na gconsan roimh
-(e)ach ar cháilı́ocht an chonsain roimh an nguta a ligtear ar
lár—eisceachtaı́ cathaoir, cathaoireach; eiscir eascrach;
láthair, láithreach).
AN tAINMFHOCAL 23

uatha iolra
Ainmneach ginideach Gach tuiseal

cabhail cabhlach cabhlacha


cabhair cabhrach cabhracha
cáin cánach cánacha
carcair carcrach carcracha
cathair cathrach cathracha
cathaoir cathaoireach cathaoireacha
céir céarach —
coróin corónach corónacha
cráin cránach cránacha
cuingir cuingreach cuingreacha
draein draenach draenacha
eiscir eascrach eascracha
fóir fórach fóireacha
ithir ithreach ithreacha
láir lárach láracha
láthair láithreach láithreacha
litir litreach litreacha
loinnir loinnreach loinnreacha
meabhair meabhrach —
nathair nathrach nathracha
oitir oitreach oitreacha
riail rialach rialacha
saltair saltrach saltracha
srathair srathrach srathracha
stiúir stiúrach stiúracha
traein traenach traenacha
treoir treorach treoracha
triail trialach trialacha
uimhir uimhreach uimhreacha
(Eisceacht) siúr siúrach siúracha

(b) Na hainmfhocail seo a leanas a chrı́ochnaı́onn ar -ir, -inn san


Ainmneach Uatha agus a leathnaı́tear sa Ghinideach
Uatha:—
24 GRAMADACH NA GAEILGE

uatha iolra
Ainmneach ginideach Gach tuiseal

athair (f) athar aithreacha


deartháir (f) dearthár deartháireacha
máthair (b) máthar máithreacha
abhainn (b) abhann aibhneacha
teorainn (b) teorann teorainneacha

ach bráthair (f.), g., bráthar, iol., bráithre.

-na, -ne san Iolra: ainmfhocail bhaininscneacha a chrı́ochnaı́onn ar


ghuta san Ainmneach Uatha agus ar -n sa Ghinideach Uatha—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Gach tuiseal

ceathrú ceathrún ceathrúna


comharsa comharsan comharsana
deachú deachún deachúna
dearna dearnan dearnana
ionga iongan ingne
leite leitean —
meanma meanman meanmna
monarcha monarchan monarchana
pearsa pearsan pearsana

Eisceartaı́:—

dı́le dı́leann dı́lı́


ealta ealtan ealtaı́
lacha lachan lachain (agus lachan sa
Ghinideach Iolra)

-idı́ san Iolra; na hainmfhocail fhirinscneacha seo a leanas a


chrı́ochnaı́onn ar -d sa Ghinideach Uatha:—
AN tAINMFHOCAL 25

uatha iolra
Ainmneach ginideach Gach tuiseal
fiche fichead fichidı́*
trı́ocha trı́ochad trı́ochaidı́
caoga caogad caogaidı́
seasca seascad seascaidı́
seachtó seachtód seachtóidı́
ochtó ochtód ochtóidı́
nócha nóchad nóchaidı́

Ainmfhocail ar leith:—

bráid (b) brád bráide


cara carad cairde
namhaid namhad naimhde
Nollaig (b) Nollag Nollaigı́
caora (b), g., caorach iol., caoirigh (g. caorach, gairm. a chaoracha)

Tá foirm leithleach sa Tabharthach ag Éire, g., Éireann, t., Éirinn.

AINMFHOCAIL NEAMHRIALTA
Nı́ fhreagraı́onn infhilleadh na n-ainmfhocal seo a leanas d’aon
cheann de na dı́ochlaontaı́:—

uatha iolra
Ainmneach ginideach Gach tuiseal
deoch (b) dı́ deochanna
deirfiúr (b) deirféar deirfiúracha
dia (f) dé déithe
lá (f) lae laethanta
leaba (b) leapa leapacha
mı́ (b) mı́osa mı́onna
olann (b) olla —
talamh (f) { talaimh (f)
talún (b)
tailte

*Ach e.g., trı́ fichid (=60), etc.; baineann daichead, iol., daichidı́ leis an 4ú
dı́ochlaonadh.
26 GRAMADACH NA GAEILGE

teach (f) tı́ tithe


agus

uatha iolra
Ainmneach ginideach Ainmneach ginideach
bean mná mná ban
An Aidiacht

An Aidiacht Cháilı́ochta

Nı́ dhı́ochlaontar an aidiacht ach nuair a úsáidtear mar aidiacht


cháilı́ochta ı́.
Roinntear na haidiachtaı́ i dtrı́ dhı́ochlaonadh.

Na Tuisil

Is ionann foirm don Chuspóireach agus don Ainmneach. Is ionann


foirm freisin i gcónaı́ don Tabharthach Firinscneach agus don
Ainmneach Firinscneach, agus go hiondúil don Tabharthach
Baininscneach agus don Ainmneach Baininscneach.
Bı́onn an Gairmeach ar aon fhoirm leis an Ainmneach ach amháin
san Uatha i gcás aidiachtaı́ den Chéad Dı́ochlaonadh a chrı́ochnaı́onn
ar chonsan leathan agus a bhfuil foirm ar leith acu sa Ghinideach
Firinscneach.
An Ginideach. Tráchtar ar fhoirm an Ghinidigh Uatha faoi na
dı́ochlaontaı́ ar leithligh. Bı́onn an Ginideach Iolra ar aon fhoirm leis
an Ainmneach Iolra más ionann foirm do Ghinideach Iolra agus
d’Ainmneach Iolra an ainmfhocail lena ngabhann an aidiacht, e.g.,
dánta na bhfilı́ móra. Murab ionann an Ginideach Iolra agus an
tAinmneach Iolra i gcás an ainmfhocail is ı́ foirm an Ainmnigh Uatha
a bhı́onn ag an aidiacht, e.g., scrı́bhinnı́ na n-údar mór.

AN CHÉAD DÍOCHLAONADH

Aidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn ar chonsan, leathan nó caol, ach amháin


na cinn ar -úil agus cúpla ceann ar -ir.

27
28 GRAMADACH NA GAEILGE

Ginideach Uatha
Firinscneach. Más consan caol is crı́och don aidiacht nı́ théann aon
athrú foirme uirthi. Más consan leathan is crı́och di caolaı́tear an
consan mar a dhéantar le hainmfhocail den Chéad Dı́ochlaonadh.

Baininscneach. (a) Cuirtear -e leis an gconsan deiridh, arna chaolú


más leathan dó, e.g., gorm, goirme; maith, maithe; agus (b) i gcás
aidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn ar -(e)ach cuirtear -(a)ı́ in ionad an -(e)ach,
e.g., aisteach, aistı́; iontach, iontaı́; mar a dhéantar le hainmfhocail den
Dara Dı́ochlaonadh.
Athrú gutaı́. Gabhann athruithe mar a luaitear ar leathanach 2 leis
an gcaolú ach—
-ea>-ei- sna haidiachtaı́ seo:—dearg, deirg, deirge; deas, deise; leasc,
leisce*; seang, seinge*; searbh, seirbhe*; seasc, seisce*; teann,
teinne*; tearc, teirce.*
Ainmneacha Baiste Ban. Nı́ infhilltear an aidiacht i ndiaidh
ainmneacha baiste ban, e.g., Máire Mhór, teach Mháire Mhór.

Gairmeach Uatha
Is ionann foirm don Ghairmeach Uatha agus don Ainmneach Uatha
ach amháin i gcás aidiachtaı́ a bhfuil foirm leithleach acu sa
Ghinideach Uatha Firinscneach. I gcás na n-aidiachtaı́ sin is gnáth†
gurb ionann foirm an Ghairmigh Uatha Fhirinscnigh agus foirm an
Ghinidigh Uatha Fhirinscnigh, e.g., a amadáin bhoicht.

An tIolra
Cuirtear -a leis na haidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn ar chonsan leathan
(ach féach Coimriú thı́os) agus -e leis na haidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn
ar chonsan ceol.

*Nı́ dhéantar infhilleadh sa Ghinideach Uatha Firinscneach ar na haidiachtaı́ seo ná


ar aidiachtaı́ aonsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -ch(t) (ach amháin bocht) nó ar chonsan
dúbailte (ach amháin dall, donn), e.g., beacht, buı́och, caoch, déach, docht, fliuch,
fuı́och, lách, moch, sách, nocht; cearr, corr, gann, gearr, mall, teann, toll; ná ar amh,
leamh, mear, tiubh, tur.
†In abairtı́nı́ meafaracha nuair nach n-infhilltear an t-ainmfhocal nı́ infhilltear (ná
nı́ shéimhı́tear) an aidiacht, e.g., a bhéal cumhra, a cheann dubh dı́lis, a stóirı́n bán.
AN AIDIACHT 29

Coimriú san Uatha agus san Iolra


Déantar coimriú sa Ghinideach Uatha Bainiscneach agus/nó san
Iolra ar na haidiachtaı́ seo—

Ainmneach Gin., Bain., Uatha Iolra


álainn áille áille
aoibhinn aoibhne aoibhne
bodhar (bodhaire) bodhra
daibhir daibhre daibhre
daingean daingne daingne
dı́lis dı́lse dı́lse
doilbhir doilbhre doilbhre
domhain doimhne doimhne
ı́seal ı́sle ı́sle
folamh foilmhe folmha
láidir láidre láidre
milis milse milse
ramhar raimhre ramhra
righin righne righne
saibhir saibhre saibhre
sleamhain (sleamhaine) sleamhna
soilbhir soilbhre soilbhre
uasal uaisle uaisle

(Nı́ choimrı́tear na foirmeacha faoi lúibı́nı́).

Dı́ochlaonadh Ainmfhocail agus Aidiachta le chéile

Ainmfhocail Fhirinscneacha

(a) Aidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn ar chonsan leathan

uatha iolra

a. an fear beag na fir bheaga


t. ar an bhfear beag ar na fir bheaga
g. caipı́n an fhir bhig caipı́nı́ na bhfear beag
gair. a fhir bhig a fheara beaga
30 GRAMADACH NA GAEILGE

a. an táilliúir bacach na táilliúirı́ bacacha


t. ag an táilliúir bacach ag na táilliúirı́ bacacha
g. siopa an táilliúra bhacaigh siopaı́ na dtáilliúirı́ bacacha
gair. a tháilliúir bhacaigh a tháilliúirı́ bacacha

(b) Aidiachtaı́ a chı́ochnaı́onn ar chonsan caol

a. an bithiúnach glic na bithiúnaigh ghlice


t. ag an mbithiúnach glic ag na bithiúnaigh ghlice
g. cleas an bhithiúnaigh ghlic cleasa na mbithiúnach glic
gair. a bhithiúnaigh ghlic a bhithiúnacha glice

a. an buachaill ciúin na buachaillı́ ciúine


t. leis an mbuachaill ciúin leis na buachaillı́ ciúine
g. rang an bhuachalla chiúin rang na mbuachaillı́ ciúine
gair. a bhuachaill chiúin a bhuachaillı́ ciúine

Ainmfhocail Bhaininscneacha

(a) Aidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn ar chonsan leathan

a. an bhean bheag na mná beaga


t. don bhean bheag do na mná beaga
g. teach na mná bige teach na mban beag
gair. a bhean bheag a mhná beaga

a. an mháthair bhocht na máithreacha bochta


t. don mháthair bhocht do na máithreacha bochta
g. peata na máthar boichte peataı́ na máithreacha bochta
gair. a mháthair bhocht a mháithreacha bochta

(b) Aidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn ar chonsan caol

a. an chláirseach bhinn na cláirseacha binne


t. den chláirseach bhinn de na cláirseacha binne
g. ceol na cláirsı́ binne ceol na gcláirseach binn
gair. a chláirseach bhinn a chláirseacha binne

a. an bhanaltra chaoin na banaltraı́ caoine


t. don bhanaltra chaoin do na banaltraı́ caoine
g. seomra na banaltra caoine seomra na mbanaltraı́ caoine
gair. a bhanaltra chaoin a bhanaltraı́ caoine
AN AIDIACHT 31

AN DARA DÍOCHLAONADH
Aidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn ar -úil, mar aon le cúpla aidiacht a
chrı́ochnaı́onn ar -ir, e.g., cóir, deacair, socair.

Ginideach Uatha
Nı́ théann aon infhilleadh ar aidiachtaı́ an dı́ochlaonta seo sa
Ghinideach Firinscneach. Sa Ghinideach Baininscneach leathnaı́tear
an consan deiridh agus cuirtear -a leis.

An tIolra
Leathnaı́tear an consan deiridh agus cuirtear -a leis mar a dhéantar
sa Ghinideach Baininscneach.
Coimrı́tear deacair>deacra, socair>socra sa Ghinideach Uatha
Baininscneach agus san Iolra.

Dı́ochlaonadh Ainmfhocail agus Aidiachta le chéile

Ainmfhocail Fhirinscneacha

uatha iolra

a. an gaiscı́och misniúil na gaiscı́gh mhisniúla


t. don ghaiscı́och misniúil do na gaiscı́gh mhisniúla
g. eachtra an ghaiscı́gh mhisniúil eachtraı́ na ngaiscı́och misniúil
gair. a ghaiscı́gh mhisniúil a ghaiscı́ocha misniúla

a. an duine cóir na daoine córa


t. don duine cóir do na daoine córa
g. clann an duine chóir clann na ndaoine córa
gair. a dhuine chóir a dhaoine córa

Ainmfhocail Bhaininscneacha

a. an bhean mhaisiúil na mná maisiúla


t. don bhean mhaisiúil do na mná maisiúla
g. maoin na mná maisiúla maoin na mban maisiúil
gair. a bhean mhaisiúil a mhná maisiúla
32 GRAMADACH NA GAEILGE

a. an bhantiarna fhlaithiúil na bantiarnaı́ flaithiúla


t. don bhantiarna fhlaithiúil do na bantiarnaı́ flaithiúla
g. caisleán na bantiarna flaithiúla caisleán na mbantiarnaı́ flaithiúla
gair. a bhantiarna fhlaithiúil a bhantiarnaı́ flaithiúla

AN TRÍÚ DÍOCHLAONADH
Aidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn ar ghuta. Nı́ dhéantar infhilleadh ach ar
dhá cheann dı́obh—breá, te>breátha, teo san Iolra.

CÉIMEANNA COMPARÁIDE
Is ionann foirm de ghnáth do bhreischéim agus sárchéim aidiachta
agus don ghinideach uatha baininscneach, e.g., ard, airde; breá,
breátha; cóir, córa; dathúil, dathúla; deacair, deacra; dı́reach, dı́rı́; fiáin,
fiáine; fliuch, fliche; geal, gile; luath, luaithe; socair, socra.
Aidiachtaı́ a chrı́ochnaı́onn ar -ı́och.:— buı́och, buı́thı́; faillı́och,
faillı́thı́; imnı́och, imnı́thı́; impı́och, impı́thı́; taithı́och, taithı́thı́.
Foirmeacha neamhrialta: beag, lú; dócha, dóichı́; fada, faide; fogas,
foisce; furasta, fusa; gearr, giorra; iomaı́, lia; maith, fearr; mór, mó; olc,
measa; te, teo.

FOIRMEACHA AR LORG dá AGUS a


I ndiaidh dá agus a, cibé acu feidhm réamhthagrach nó feidhm
iarthagrach atá leo, úsáidtear de ghnáth foirm is ionann agus foirm na
breischéime den aidiacht nó foirm a dhı́orthaı́tear ón mbreischéim, nó
ón mbunchéim, agus a chrı́ochnaı́onn ar -cht.
Nı́ úsáidtear ach foirm amháin i gcás na n-aidiachtaı́ seo a
leanas:—dócha (dóichı́), dona (donacht), furasta (fusacht), gearr
(giorracht), agus i gcás na leaganacha neamhrialta seo: —beag
(laghad), fada (fad), iomaı́ (liacht), maith (feabhas), mór (méad), olc
(olcas), tiubh (tiús).

Samplaı́:—
B’aoibhinn liom a áille (a bhinne, a bhreátha, a chruinne, a lı́ofa,
a réidhe, a shoiléire) a labhair sé.
Nı́ chreidfeá ach a achrannaı́ (a dhonacht, a olcas, a
shleamhaine a uaignı́) a bhı́ an áit.
AN AIDIACHT 33

Fuair sé ardmholadh trı́na fheabhas a rinne sé an obair.


Nı́ beag duit a luaithe a thiocfaidh an aois ort.
Nı́orbh fhéidir liom é a cheannach toisc a laghad airgid a bhı́
agam.
Dhallfadh an solas tú a ghile a bhı́ sé.
Dá chrı́onna (chróga, fheabhas, ghlice, mhisniúla, oilte) é, nı́or
éirigh an gnó leis.
Dá dhonacht (ghránna, leisciúla, olcas, shuaraı́) é, caithfear cur
suas leis.
Dá mhéad dúil a bhı́ aige ann, nı́or cheannaigh sé sa deireadh é.
Dá dhonacht dá bhfuil an scéal againn, d’fhéadfadh sé bheith
nı́os measa.
Chuir sé gach cóir dá fheabhas orm.
Dá láidre tú nı́l aon eagla orm romhat.
Dá fhad ó chéile iad is amhlaidh is fearr.
Mhill sé gach aon nı́ dá bhreátha.
Nı́l grá dá mhéad nach dtagann fuath dá réir.

AIDIACHTAÍ SEALBHACHA
Is iad na leaganacha treise, agus ainmfhocail ag gabháil leo, atá
leagtha amach anseo thı́os; mura mbı́onn treise i gceist fágtar na
hiarmhı́reanna -sa (se), -san (sean), -na (ne) ar lár.
uatha iolra

1. mo chapallsa ár mbádna


m’asalsa ár n-adhmadna
mo chuidse ár dtuairimne
m’athairse ár n-earraı́ne

2. do mhacsa bhur ngeatasa


d’ordúsa bhur n-easpagsa
do phinnse bhur bpáircse
d’eochairse bhur n-eaglais-se

3. (f) a chótasan a dteachsan


a ualachsan a n-údarás-san
a shúilsean a bpáistesean
a aghaidhsean a n-eachtraı́sean
(b) a brógasa
a héadansa
a caintse
a haois-se
34 GRAMADACH NA GAEILGE

Ar lorg réamhfhocail
Nı́ tháthaı́tear réamhfhocal agus aidiacht shealbhach le chéile i
gcásanna den sórt seo:—
ag mo mháthair
do d’athair
ar a cheann (f)
ar a ceann (b)
as ár dtobar
de bhur dteach
thar a mbráid

ach má chrı́ochnaı́onn an réamhfhocal ar ghuta táthaı́tear leis an


aidiacht shealbhach é sa trı́ú pearsa, uatha agus iolra, agus sa chéad
phearsa iolra mar a leanas—

(a) de+a agus do+a>dá; de+ár agus do+ár>dár, e.g.:—

Bhain sé an hata dá cheann


Bhain sı́ an hata dá ceann
Bhain siad na hataı́ dá gceann
Thug sé dá athair é
Thug sı́ dá hathair é
Thug siad dá n-athair é
Scaoileamar dár ngreim
Thugamar dár n-aintı́nı́ iad

(b) I gcás réamhfhocal eile a chrı́ochnaı́onn ar ghuta (faoi, i, le,


trı́, ó) cuirtear n isteach idir an réamhfhocal agus an aidiacht
shealbhach, e.g.:—

faoina chois (cois, gcosa)


ina phóca (póca, bpócaı́)
lena inı́on (hinı́on, n-inı́onacha)
trı́na chodladh (codladh, gcodladh)
óna dheartháir (deartháir, ndeartháir)
faoinár gcosa
inár bpócaı́
lenár n-inı́onacha
trı́nár gcodladh
ónár ndeartháir
AN AIDIACHT 35

agus i gcás arna (=i ndiaidh a), e.g., arna fhoilsiú.

Is iad na leaganacha seo a leanas a scrı́obhtar don réamhfhocal (do


nó ag) agus an aidiacht shealbhach roimh ainm briathartha:—

uatha iolra
1. do mo dár

do m’

2. do do do bhur
do d’
3. á á

Bhı́ sé do mo bhualadh (do m’ionsaı́)


Bhı́othas do do cháineadh (do d’ardmholadh)
Bhı́ an doras á dhúnadh (á oscailt)
Bhı́ an fhuinneog á dúnadh (á hoscailt)
Bheimis dár náiriú (n-ı́sliú) féin
An bhfuil sé do bhur gcrá (n-aithisiú)?
Táthar á dtógáil (n-ardú).

AIDIACHTAÍ TAISPEÁNTACHA
Seo, sin, siúd, úd na foirmeacha a úsáidtear do na haidiachtaı́
taispeántacha, e.g.:—
Tá an fear seo tinn
Beidh an buachaill seo ag teacht liom
Is liomsa iad seo
Nı́l an doras sin dúnta
Sı́le is ainm don chailı́n sin
Tá cúram mór ar na daoine sin
Dı́oladh a theach siúd inné
Is aige siúd a bhı́ an t-airgead
An bhfeiceann tú an pháirc úd thall?
36 GRAMADACH NA GAEILGE

An Forainm
Forainmneacha Réamhfhoclacha
uatha iolra
ag
1. agam againn
2. agat agaibh
3. aige, aici acu

ar
1. orm orainn
2. ort oraibh
3. air, uirthi orthu

as
1. asam asainn
2. asat asaibh
3. as, aisti astu

chun (chuig)
1. chugam chugainn
2. chugat chugaibh
3. chuige, chuici chucu

de*
1. dı́om dı́nn
2. dı́ot dı́bh
3. de, di dı́obh

do*
1. dom dúinn
2. duit daoibh
3. dó, di dóibh

*Nı́ shéimhı́tear iad, e.g., bhain sé diom (dı́ot, etc.) é, thug sé dom (duit, etc.) an
leabhar.
AN AIDIACHT 37

faoi
1. fúm fúinn
2. fút fúibh
3. faoi, fúithi fúthu

i
1. ionam ionainn
2. ionat ionaibh
3. ann, inti iontu

idir
1. — eadrainn
2. — eadraibh
3. — eatarthu

le
1. liom linn
2. leat libh
3. leis, léi leo


1. uaim uainn
2. uait uaibh
3. uaidh, uaithi uathu

roimh
1. romham romhainn
2. romhat romhaibh
3. roimhe, roimpi rompu

thar
1. tharam tharainn
2. tharat tharaibh
3. thairis, thairsti tharstu

trı́
1. trı́om trı́nn
2. trı́ot trı́bh
3. trı́d, trı́thi trı́othu

um
1. umam umainn
2. umat umaibh
3. uime, uimpi umpu
38 GRAMADACH NA GAEILGE

Má chuirtear treise leis na forainmneacha réamhfhoclacha


táthaı́tear na hiarmhı́reanna -sa (se), -san (sean), -ne leo, e.g., agamsa,
agatsa, aigesean, aicise, againne, agaibhse, acusan.
Scrı́obhtar -nne do -nn+-ne, e.g., againne, orainne, etc., agus cuirtear
fleiscı́n idir dhá s, e.g., as-san, leis-sean, thairis-sean.

An Forainm Coibhneasta

Deimhneach
Ainmneach agus le Cuspóir Dı́reach, a i gcónaı́, e.g., an fear a
bhuaileann sé, an fear a bhuailfeadh é, an fear a bhuailtı́. Le Cuspóir
Indı́reach, agus sa Ghinideach agus sa Tabharthach, a, ar (Aimsir
Chaite), e.g., an capall a mbuaileann (ar bhuail) an fear é, an fear a
gcumadh (ar chum) a mhac amhráin Ghaeilge; an bhean a gceannóidh
(ar cheannaigh) mé na héadaı́ uaithi.

Diúltach
Gach tuiseal, nach, nár (Aimsir Chaite), e.g., an duine nach
nglacann (nár ghlac) comhairle; an garsún nach mbuaileadh (nár
bhuail) sé; an garsún nach mbuailfeadh (nár bhuail) an múinteoir é; an
bhean nach nglacfadh (nár ghlac) a hinı́on dea-chomhairle; an fear
nach gceannaı́nn (nár cheannaigh mé) na hearraı́ uaidh.

=an méid
Gach tuiseal, a, ar (Aimsir Chaite agus leis an gCopail), e.g., ólann
sé a dtuilleann sé; d’ól sé ar thuill sé, gach ar gá a rá, déarfar é; gach ar
ghá a rá, dúradh é.
Táthaı́tear a agus ar leis na réamhfhocail a chrı́ochnaı́onn ar
ghuta:—dá (de+a, do+a), dár (de+ar, do+ar), faoina(r), ina(r), lena(r),
óna(r), trı́na(r), e.g., an duine dár thug mé é; scar sé lenar thuill sé.
Úsáidtear a, nach, in ionad ar, nár, (agus urú) le deachaigh, dearna
dúirt, faca, fuair, raibh.
Uimhreacha
Na Bunuimhreacha
Is mar atá leagtha amach anseo thı́os a ghabhann na huimhreacha—
(a) nuair a úsáidtear iad sa chomhaireamh lom, e.g., a haon, a dó;
(b) más rompu a thagann an focal atá faoi réir acu, e.g., sa bhliain
mı́le, cúig chéad nócha a dó; bus a dó;
(c) nuair a úsáidtear iad chun an t-am a insint, e.g., a haon a
chlog, cúig nóiméad tar éis a dó, ceathrú tar éis a trı́, leathuair
tar éis a ceathair, fiche nóiméad chun a sé, ceathrú chun a dó
dhéag; agus
(d) nuair a úsáidtear iad leis an réamfhocal de agus ainmfhocal
sa tuiseal tabharthach, uimhir iolra, ar a lorg, e.g., a ceathar
déag de bhlianta ó shin.

1—20:
1. a haon 11. a haon déag
2. a dó 12. a dó dhéag
3. a trı́ 13. a trı́ déag
4. a ceathair 14. a ceathair déag
5. a cúig 15. a cúig déag
6. a sé 16. a sé déag
7. a seacht 17. a seacht déag
8. a hocht 18. a hocht déag
9. a naoi 19. a naoi déag
10. a deich 20. fiche

Os cionn 20 is é an córas seo a leanas is oiriúnaı́ de ghnáth:—

21. fiche a haon


22. ,, ,, dó
23. ,, ,, trı́
24. ,, ,, ceathair
39
40 GRAMADACH NA GAEILGE

25. fiche a cúig


26. ,, ,, sé
27. ,, ,, seacht
28. ,, ,, hocht
29. ,, ,, naoi
30. trı́ocha
31, 32, etc., trı́ocha a haon; trı́ocha a dó, etc.
40. daichead
41, 42, etc., daichead a haon; daichead a dó, etc.
50. caoga
51, 52, etc., caoga a haon; caoga a dó, etc.
60. seasca
61, 62, etc., seasca a haon; seasca a dó, etc.
70. seachtó
71, 72, etc., seachtó a haon; seachtó a dó, etc.
80. ochtó
81, 82, etc., ochtó a haon; ochtó a dó, etc.
90. nócha
91, 92, etc., nócha a haon; nócha a dó, etc.
100. céad
101, 102 . . . 110, céad a haon; céad a dó . . . céad a deich
111, 112 . . . 120, céad a haon déag; céad a dó dhéag . . . céad a fiche
221, 222, etc., dhá chéad fiche a haon; dhá chéad fiche a dó, etc.
1,333, 1,334, etc., mı́le, trı́ chéad trı́ocha a trı́; mı́le, trı́ chéad trı́ocha a
ceathair, etc.
11,111, etc., aon mhı́le dhéag, céad a haon déag, etc.
1,234,567, milliún, dhá chéad trı́ocha is ceithre mhı́le, cúig chéad
seasca a seacht.
Seo mar a bhı́onn na huimhreacha de ghnáth nuair a chuirtear
ainmfhocal leo:—

1—100:
1. aon chapall amháin
2. dhá chapall
3. trı́ ,,
4. ceithre ,,
5. cúig ,,
6. sé ,,
7. seacht gcapall
8. ocht ,,
UIMHREACHA 41

9. naoi gcapall
10. deich ,,
11. aon chapall déag
12. dhá ,, ,,
13. trı́ ,, ,,
14. ceithre ,, ,,
15. cúig ,, ,,
16. sé ,, ,,
17. seacht gcapall déag
18. ocht ,, ,,
19. naoi ,, ,,
20. fiche capall
21. aon capall is fiche
22. dhá chapall is fiche
23. trı́ ,, ,, ,,
24. ceithre ,, ,, ,,
25. cúig ,, ,, ,,
26. sé ,, ,, ,,
30. trı́ocha capall
40. daichead ,,
50. caoga ,,
60. seasca ,,
70. seachtó ,,
80. ochtó ,,
90. nócha ,,
100. céad ,,
1,000. mı́le ,,
1,000,000. milliún ,,

Os cionn 100 féadtar fiche, trı́ocha . . . nócha agus na haonaid a chur


droim ar ais, e.g,, céad fiche is aon chapall amháin (121); dhá mhı́le,
trı́ chéad trı́ocha is ceithre chapall (2,334); milliún, dhá chéad trı́ocha is
ceithre mhı́le, cúig chéad seasca is seacht gcapall (1,234,567).
Is ı́ foirm an ainmnigh uatha den ainmfhocal a chuirtear leis na
bunuimhreacha ach—
(a) is é an tabharthach de na hainmhfhocail bos, bróg, cluas, cos,
lámh (féach leat lch. 10) a úsáidtear i ndiaidh 2 agus
uimhreacha a chrı́ochnaı́onn ar 2 (e.g., 12, 22, 102, 10, 112)
e.g., dhá chois, dhá bhróig déag;
42 GRAMADACH NA GAEILGE

(b) cuirtear foirm an ainmnigh iolra de na hainmfhocail ceann,


cloigeann, agus foirm iolra ar leith de na hainmfhocail bliain
(bliana), fiche (fichid), uair (uaire), le huimhir nach ceann
dı́obh seo:—1 nó 2, nó uimhir a chrı́ochnaı́onn ar 1 nó 2 (e.g.,
11, 21, 101, 1,001; 12, 32, 202, 10,112), nó uimhir is iolrú ar 10
(e.g., 20, 30, 100, 150, 1,000, 2,000,000).
Samplaı́:—sé cinn déag, ocht gcloigne is daichead, ceithre
bliana, trı́ fichid, ceithre huaire.

An tAlt leis na hUimhreacha


Foirm uatha fhirinscneach an ailt a chuirtear—
(a) roimh aon, dá, fiche, trı́ocha . . . nócha, céad, mı́le, mı́lliún,
e.g., an t-aon bhean amháin; an t-aon lá dhéag; an dá chapall
déag; an fiche (trı́ocha . . . nócha) bosca; agus
(b) roimh na huimhreacha trı́ (déag) go naoi (déag) má bhı́onn
céad, mı́le, milliún, ina ndiaidh, e.g., an trı́ chéad teach; an
seacht gcéad fear; an ceithre mhı́le dhéag gunna; an naoi
milliún déag is fiche punt.
Mura mbı́onn céad, etc., ar lorg na n-uimhreacha ó trı́
(déag) go naoi (déag) is ı́ foirm iolra an ailt a chuirtear
rompu, e.g., na trı́ chú; na ceithre chapall; na cúig bliana déag;
na hocht mı́; na naoi mbó dhéag.

Aidiachtaı́ leis na hUimhreacha


Ar lorg aon, fiche, trı́ocha . . . nócha, céad, mı́le, milliún, bı́onn an
aidiacht san uimhir uatha agus ar aon inscne leis an ainmfhocal, e.g.,
aon fhear mór; aon bhean mhór; an fiche capall dubh; an céad bó
dhubh; an mı́le leabhar gorm; trı́ chéad fear mór; seacht mı́le bó dhubh;
an naoi milliún déag ticéad dearg.
Ar lorg na n-uimhreacha ó dhá go naoi déag (gan iolrú ar deich ina
ndiaidh) bı́onn an aidiacht san uimhir iolra agus ı́ séimhithe, e.g., dhá
(trı́ . . . sé) chapall mhóra; seacht (ocht . . . deich) mbó bhána; aon chat
déag dhubha; dhá (trı́ . . . sé) theach tábhairne dhéag shalacha; seacht
(ocht, naoi) bpáirc déag ghlasa.
Is é is gnáthaı́, áfach, leis na déaga an leagan seo a úsáid—aon (dhá,
etc.) cheann déag de bháid mhóra. Is féidir feidhm a bhaint as an
UIMHREACHA 43

leagan sin freisin i gcás uimhreacha eile, e.g., seacht gcinn de bháid
mhóra, ceithre cinn is fiche de bháid mhóra.

Na hUimhreacha Pearsanta
1. duine (amháin)
2. beirt
3. triúr
4. ceathrar
5. cúigear
6. seisear
7. seachtar
8. ochtar
9. naonúr
10. deichniúr

Dáréag (12) an t-aon fhocal den chineál sin a úsáidtear sna déaga—
11. aon duine dhéag
12. dáréag
13. trı́ dhuine dhéag
14. ceithre ,, ,,
15. cúig ,, ,,
16. sé ,, ,,
17. seacht nduine dhéag
18. ocht ,, ,,
19. naoi ,, ,,
20. fiche duine

Os cionn 20 déantar mar is gnáth le nithe, e.g.—


21. duine is fiche
32. dhá dhuine is trı́ocha
43. trı́ dhuine is daichead.

Os cionn 100 féadtar fiche, trı́ocha . . . nócha agus na haonaid a chur


droim ar ais, e.g., céad fiche is trı́ dhuine.
Is ı́ foirm an ainmnigh uatha den ainmfhocal a thagann i ndiaidh
beirt, triúr, etc., de ghnáth, e.g., beirt bhacach, ceathrar bádóir—ach
beirt bhan, triúr (ceathrar, etc.) ban.
44 GRAMADACH NA GAEILGE

Bı́onn an aidiacht ar lorg beirt san uimhir iolra, e.g., beirt fhear
mhóra, beirt bhan mhóra. I ndiaidh triúr, ceathrar, etc., bı́onn an
aidiacht san uimhir uatha, e.g., triúr fear mór, ceathrar ban beag.

Na hOrduimhreacha
1. an chéad chapall (bhó, asal)
2. ,, dara (dóú) capall (bó, hasal)
3. ,, trı́ú ,, ,, ,,
4. ,, ceathrú ,, ,, ,,
5. ,, cúigiú ,, ,, ,,
6. ,, séú ,, ,, ,,
7. ,, seachtú ,, ,, ,,
8. ,, t-ochtú ,, ,, ,,
9. ,, naoú ,, ,, ,,
10. ,, deichiú ,, ,, ,,
11. an t-aonú ,, ,, ,, déag
12. ,, dóú ,, ,, ,, ,,
13. ,, trı́ú ,, ,, ,, ,,
14. ,, ceathrú ,, ,, ,, ,,
15. ,, cúigiú ,, ,, ,, ,,
16. ,, séú ,, ,, ,, ,,
17. ,, seachtú ,, ,, ,, ,,
18. ,, t-ochtú ,, ,, ,, ,,
19. ,, naoú ,, ,, ,, ,,
20. ,, fichiú ,, ,, ,,
30. ,, trı́ochadú ,, ,, ,,
40. ,, daicheadú ,, ,, ,,
50. ,, caogadú ,, ,, ,,
60. ,, seascadú ,, ,, ,,
70. ,, seachtódú ,, ,, ,,
80. ,, t-ochtódú ,, ,, ,,
90. ,, nóchadú ,, ,, ,,
100. ,, céadú ,, ,, ,,
1,000. ,, mı́liú ,, ,, ,,
1,000,000. ,, milliúnú ,, ,, ,,

21 (22, etc.) an t-aonú (dóú, etc.) capall (bó, hasal) is fiche


131 (132, etc.) an céad trı́ocha is aonú (dóú, etc.) capall (bó, hasal)
211 (212, etc.) an dá chéad is aonú (dóú, etc.) capall (bó, hasal) déag
UIMHREACHA 45

312,564 an trı́ chéad is dhá mhı́le dhéag, cúig chéad seasca is ceathrú
capall (bó, hasal)
2,342,493 an dá mhilliún, trı́ chéad daichead is dhá mhı́le, ceithre
chéad nócha is trı́ú capall (bó, hasal).

An Ginideach
Bunuimhreacha. Téann athrú foirme ar ainmfhocal sa ghinideach i
ndiaidh aon, nuair nach mbı́onn déag ag gabháil leis, agus athrú de
réir inscne an ainmhfocail ar an alt, e.g., ualach aon chapaill amháin;
i gcaitheamh na haon oı́che amháin sin.
Nı́ théann aon athrú foirme sa ghinideach leis na huimhreacha eile,
ach má bhı́onn an t-alt ag gabháil leo imrı́onn sé ar thúslitir na
huimhreach mar a d’imreodh ar ainmfhocal firinscneach (ach gan f, s
a shéimhiú), e.g., luach dhá bhullán dhubha; féar trı́ bhó bheaga; báid
sé chrann; cogadh cúig bliana; cóiste sé shuı́ochán déag; suim fiche
punt; stáblaı́ an aon chapall déag; luach an dá theach mhóra; luach na
dtrı́ bhó bheaga; bád na gceithre chrann arda; i gcaitheamh na gcúig
bliana déag; costas an fiche (seachtó, chéad, mhı́le, mhilliún) cathaoir.
Uimhreacha Pearsanta: Nı́ théann athrú foirme sa ghinideach ach
san áit a mbı́onn an t-alt roimh an bhfocal beirt, e.g., clann bheirt
deartháir; clann na beirte deartháir. Imrı́onn an t-alt ar thúslitir na
n-uimhreacha eile mar a d’imreodh ar ainmfhocal firinscneach, e.g.,
scoil an ochtar múinteoir; teach an tseisear sagart (Ach mura mbı́onn
ainmfhocal ar a lorg—troid beirte, dı́ol triúir, etc.).
Orduimhreacha. De ghnáth cuirtear an t-alt roimh an gcéad uimhir
san orduimhir mura mbı́onn aidiacht shealbhach, nó gach, roimpi, e.g.,
an dá chéad is trı́ú lá, ach a dheichiú bliain.
Bı́onn séimhiú ar an bhfocal céad i ndiaidh an ailt mura mbı́onn
réamhfhocal ag gabháil leis (féach leat lch. 88) agus dı́ochlaontar an
t-ainmfhocal ar a lorg agus géilleann an t-alt dá uimhir agus dá inscne,
e.g., an chéad fhear, clann an chéad fhir, an chéad bhean, clann na
chéad mhná, na chéad uain.
An t-alt firinscneach a bhı́onn roimh na horduimhreacha eile i
gcónaı́. Nı́ dhéantar dı́ochlaonadh choı́che ar an ainmfhocal ina
dhiaidh, e.g., mac an dara bean; hata an ceathrú cailleach; bróga an
cúigiú girseach; lucht an seachtú hoifig; peaca in aghaidh an ochtú
haithne; leath an seachtódú builı́n; tús an mhilliún, cúig chéad seachtó
is cúigiú bliain.
46 GRAMADACH NA GAEILGE

Codáin
1/4 ceathrú
1/3 trian
1/2 leath
2/3 dhá thrian
3/4 trı́ cheathrú
4/5 ceithre chúigiú
5/6 cúig shéú
6/7 sé sheachtú
7/8 seacht n-ochtú
8/9 ocht naoú
9/10 naoi ndeichiú
10/11 deich n-aondéagú
11/12 a haon déag de dhódéaguithe
12/13 a dó dhéag de thrı́déaguithe
13/14 a trı́ déag de cheathairdéaguithe
14/15 a ceathair déag de chúigdéaguithe
15/16 a cúig déag de shédéaguithe
16/17 a sé déag de sheachtdéaguithe
17/18 a seacht déag d’ochtdéaguithe
18/19 a hocht déag de naoidéaguithe
1/20 fichiú
3/20 trı́ fichiú
8/20 ocht bhfichiú
11/20 a haon déag d’fhichithe
1/21 (an) fiche aonú cuid
1/22 (an) fiche dóú cuid
1/23 (an) fiche trı́ú cuid
1/24 (an) fiche ceathrú cuid
1/25 (an) fiche cúigiú cuid
1/26 (an) fiche séú cuid
1/27 (an) fiche seachtú cuid
1/28 (an) fiche ochtú cuid
1/29 (an) fiche naoú cuid
23/29 fiche a trı́ d’fhiche naoithe
1/30 trı́ochadú
34/27 trı́ocha a ceathair d’fhiche seachtuithe
1/40 daicheadú
1/50 caogadú
1/60 seascadú
UIMHREACHA 47

1/70seachtódú
63/76seasca a trı́ de sheachtó séithe
1/80ochtódú
74/83seachtó a ceathair d’ochtó trı́the
1/90nóchadú
82/92ochtó a dó de nócha dóithe
91/99nócha a haon de nócha naoithe
1/100céadú
137/245céad trı́ocha a seacht de dhá chéad daichead
cúigithe
1/1000 mı́liú
1/1,000,000 milliúnú
847,563/1,128,497 ocht gcéad daichead is seacht mı́le, cúig chéad
seasca a trı́ de mhilliún, céad fiche is ocht mı́le,
ceithre chéad nócha seachtuithe.

Is féidir an focal cuid a úsáid leis na codáin shimplı́ in aon chás inar
gá sin de ghrá na soiléireachta nó d’fhonn athbhrı́ a sheachaint.
An Briathar
Briathra Rialta

Tá dhá réimniú ar na briathra rialta.

Baineann leis an gCéad Réimniú—


(a) briathra ó fhréamhacha* aonsiollacha,
(b) briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -áil,
agus dornán de bhriathra ilsiollacha eile.

Baineann leis an Dara Réimniú—


(a) briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -(a)igh,
(b) briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -(a)il,
-(a)in, -(a)ir, -(a)is agus a choimrı́tear sa réimniú.
(c) cúpla briathar ar leith.

Is ionann réimniú de ghnáth do bhriathar comhshuite agus don


bhriathar ónar cumadh é, e.g., aisı́ocaim, comhlı́onaim, léirmheasaim
sa Chéad Réimniú ar aon dul le ı́ocaim, lı́onaim, measaim;
athchomhairlı́m, comhdhlúthaı́m, comhshı́nı́m sa Dara Réimniú ar aon
dul le comhairlı́m, dlúthaı́m, sı́nı́m.
An Fhoirm Choibhneasta. Nı́ thugtar sna samplaı́ an fhoirm
leithleach don choibhneasta neamhspleách, san aimsir láithreach agus
san aimsir fháistineach, modh táscach, ach is cead sin a úsáid.
(Úsáidtear ı́ i gcónaı́ i gcás an bhriathair leanaim in abairtı́ mar na
focail seo a leanas).
An Modh Foshuiteach. Is féidir foirm na hAimsire Fáistinı́ a úsáid
thar ceann an Fhoshuitigh Láithrigh nuair nach feidhm ghuı́theach a
bhı́onn leis.

*Sna briathra rialta is ionann fréamh an bhriathair agus foirm an dara pearsa uatha,
modh ordaitheach.

48
AN BRIATHAR 49

Féadtar foirm an Mhodha Choinnı́ollaigh, nó foirm na hAimsire


Gnáthchaite, Modh Táscach, a úsáid thar ceann an Fhoshuitigh Chaite
(ach féach leat an briathar táim).

An Chéad Réimniú
Briathra ó fhréamhacha aonsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar chonsan
seachas -gh:—

Molaim (Mol) Brisim (Bris)


modh táscach

Aimsir Láithreach

uatha iolra uatha iolra

1. molaim molaimid brisim brisimid


2. molann tú molann sibh briseann tú briseann sibh
3. molann sé molann siad briseann sé briseann siad
sb. moltar bristear

Aimsir Chaite

1. mhol mé mholamar bhris mé bhriseamar


2. mhol tú mhol sibh bhris tú bhris sibh
3. mhol sé mhol siad bhris sé bhris siad
sb. moladh briseadh

Aimsir Ghnáthchaite

1. mholainn mholaimis bhrisinn bhrisimis


2. mholtá mholadh sibh bhristeá bhriseadh sibh
3. mholadh sé mholaidı́s bhriseadh sé bhrisidı́s
sb. mholtaı́ bhristı́

Aimsir Fháistineach

1. molfaidh mé molfaimid brisfidh mé brisfimid


2. molfaidh tú molfaidh sibh brisfidh tú brisfidh sibh
3. molfaidh sé molfaidh siad brisfidh sé brisfidh siad
sb. molfar brisfear
50 GRAMADACH NA GAEILGE

modh coinnı́ollach

1. mholfainn mholfaimis bhrisfinn bhrisfimis


2. mholfá mholfadh sibh bhrisfeá bhrisfeadh sibh
3. mholfadh sé mholfaidı́s bhrisfeadh sé bhrisfidı́s
sb. mholfaı́ bhrisfı́

modh foshuiteach láithreach

1. mola mé molaimid brise mé brisimid


2. mola tú mola sibh brise tú brise sibh
3. mola sé mola siad brise sé brise siad
sb. moltar bristear

modh ordaitheach

1. molaim molaimis brisim brisimis


2. mol molaigı́ bris brisigı́
3. moladh sé molaidı́s briseadh sé brisidı́s
sb. moltar bristear

ainm briathartha

moladh briseadh

aidiacht bhriathartha

molta briste

Is ar an gcuma chéanna le molaim a réimnı́tear briathra rialta ó


fhréamhacha a chrı́ochnaı́onn ar chonsan leathan, agus is ar an gcuma
chéanna le brisim a réimnı́tear briathra rialta a chrı́ochnaı́onn ar
chonsan caol, ach-

(a) nuair a ghabhann fréamh a chrı́ochnaı́onn ar -t nó -th (e.g. at,


loit, caith, leath) foirceann dár tús -t (i.e., -t(e)ar, -t(a)ı́, -t(e)á,
-ta, -te) déantar -t den -t(h)t- (e.g., atar, d’ataı́, ata; loitear, loitı́,
loite; caitear, chaitı́, chaiteá, caite; leatar, leataı́, leatá, leata);

(b) nuair a ghabhann fréamh a chrı́ochnaı́onn ar -bh nó -mh (e.g.,


gabh, rı́omh) foirceann dár tús -th (i.e., -tha san Aidiacht
Bhriathartha) déantar -f- den -bhth- nó den -mhth- (e.g., gafa,
rı́ofa)—ach coinnı́tear -bh, -mh agus -th roimh -f, e.g.,
scrı́obhfaı́, rı́omhfá, chaithfeá;
AN BRIATHAR 51

(c) gabhann briathra ó fhréamhacha a chrı́ochnaı́onn ar -b, -c, -g,


-m, -p, -(r)r an foirceann -tha nó -the, de réir mar is leathan nó
is caol dóibh, san Aidiacht Bhriathartha, e.g., lúbtha, glactha,
eiscthe, bogtha, ligthe, camtha, creimthe, craptha, scaipthe,
smeartha, bearrtha, sirthe; eisceachtaı́ curtha, scortha.

(d) gabhann -gh leathan -tha, e.g., loghtha, ach tofa<toghaim.

Gabhann bunáite na mbriathra -(e)adh san Ainm Briathartha ach


tá roinnt mhaith eisceachtaı́ ann (féach leat lgh. 74-5).
Briathra ó fhréamhacha ilsiollacha:—

Sábhálaim (Sábháil) Tı́olacaim (Tı́olaic)

modh tásach

Aimsir Láithreach

uatha iolra uatha iolra


1. sábhálaim sábhálaimid tı́olacaim tı́olacaimid
2. sábhálann tú sábhálann sibh tı́olacann tú tı́olacann sibh
3. sábhálann sé sábhálann siad tı́olacann sé tı́olacann siad
sb. sábháiltear tı́olactar

Aimsir Chaite

1. shábháil mé shábhálamar thı́olaic mé thı́olacamar


2. shábháil tú shábháil sibh thı́olaic tú thı́olaic sibh
3. shábháil sé shábháil siad thı́olaic sé thı́olaic siad
sb. sábháladh tı́olacadh

Aimsir Ghnáthchaite

1. shábhálainn shábhálaimis thı́olacainn thı́olacaimis


2. shábháilteá shábháladh sibh thı́olactá thı́olacadh sibh
3. shábháladh sé shábhálaidı́s thı́olacadh sé thı́olacaidı́s
sb. shábháiltı́ thı́olactaı́

Aimsir Fháistineach

1. sábhálfaidh mé sábhálfaimid tı́olacfaidh mé tı́olacfaimid


2. sábhálfaidh tú sábhálfaidh sibh tı́olacfaidh tú tı́olacfaidh sibh
3. sábhálfaidh sé sábhalfaidh siad tı́olacfaidh sé tı́olacfaidh siad
sb. sábhálfar tı́olacfar
52 GRAMADACH NA GAEILGE

modh coinnı́ollach

1. shábhálfainn shábhálfaimis thı́olacfainn thı́olacfaimis


2. shábhálfá shábhálfadh sibh thı́olacfá thı́olacfadh sibh
3. shábhalfadh sé shábhálfaidı́s thı́olacfadh sé thı́olacfaidı́s
sb. shábhálfaı́ thı́olacfaı́

modh foshuiteach láithreach

1. sábhála mé sábhálaimid tı́olaca mé tı́olacaimid


2. sábhála tú sábhála sibh tı́olaca tú tı́olaca sibh
3. sábhála sé sábhála siad tı́olaca sé tı́olaca siad
sb. sábháiltear tı́olactar

modh ordaitheach

1. sábhálaim sábhálaimis tı́olacaim tı́olacaimis


2. sábháil sábhálaigı́ tı́olaic tı́olacaigı́
3. sábháladh sé sábhálaidı́s tı́olacadh sé tı́olacaidı́s
sb. sábháiltear tı́olactar

ainm briathartha

sábháil tı́olacadh

aidiacht bhriathartha

sábháilte tı́olactha

Nóta:— -t- caol, e.g., sábháiltear, shábhailti, sábháilte; -f- leathan,


e.g., sábhálfar, shábhálfaı́).

Réimniú ar nós sábháil:— briathra ó fhréamhacha a chrı́ochnaı́onn


ar -áil.

Réimniú ar nós tı́olacaim (Tugtar an fhréamh, an chéad phearsa


uatha, aimsir láithreach, an t-ainm briathartha agus an aidiacht
bhriathartha):—
adhlaic adhlacaim adhlacadh adhlactha
ceiliúir ceiliúraim ceiliúradh ceiliúrtha
gearáin gearánaim gearán gearánta
iomlaisc iomlascaim iomlasc iomlasctha
seachaid seachadaim seachadadh seachadta
taispeáin taispeánaim taispeáint taispeánta
tionlaic tionlacaim tionlacan tionlactha
tionóil tionólaim tionól tionólta
AN BRIATHAR 53

Coinnı́tear caol trı́d sı́os (gan an t-ainm briathartha a áireamh) ina


réimniú—
coisric coisricim coisreacadh coisricthe
iomáin iomáinim iomáint iomáinte
toirmisc toirmiscim toirmeasc toirmiscthe
tiomáin tiomáinim tiomáint tiomáinte

Coinnı́tear leathan trı́d sı́os ina réimniú—


coimeád coimeádaim coimeád coimeádta

Briathra ó fhréamhacha aonsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -igh:—

Cráim (Cráigh) Dóim (Dóigh)

modh tásach

Aimsir Láithreach

uatha iolra uatha iolra

1. cráim cráimid dóim dóimid


2. cránn tú cránn sibh dónn tú dónn sibh
3. cránn sé cránn siad dónn sé dónn siad
sb. cráitear dóitear

Aimsir Chaite

1. chráigh mé chrámar dhóigh mé dhómar


2. chráigh tú chráigh sibh dhóigh tú dhóigh sibh
3. chráigh sé chráigh siad dhóigh sé dhóigh siad
sb. crádh dódh

Aimsir Ghnáthchaite

1. chráinn chráimis dhóinn dhóimis


2. chráiteá chrádh sibh dhóiteá dhódh sibh
3. chrádh sé chráidı́s dhódh sé dhóidı́s
sb. chráitı́ dhóitı́

Aimsir Fháistineach

1. cráfaidh mé cráfaimid dófaidh mé dófaimid


2. cráfaidh tú cráfaidh sibh dófaidh tú dófaidh sibh
3. cráfaidh sé cráfaidh siad dófaidh sé dófaidh siad
sb. cráfar dófar
54 GRAMADACH NA GAEILGE

modh coinnı́ollach
1. chráfainn chráfaimis dhófainn dhófaimis
2. chráfá chráfadh sibh dhófá dhófadh sibh
3. chráfadh sé chráfaidı́s dhófadh sé dhófaidı́s
sb. chráfaı́ dhófaı́

modh foshuiteach láithreach


1. crá mé cráimid dó mé dóimid
2. crá tú crá sibh dó tú dó sibh
3. crá sé crá siad dó sé dó siad
sb. cráitear dóitear

modh ordaitheach
1. cráim cráimis dóim dóimis
2. cráigh cráigı́ dóigh dóigı́
3. crádh sé cráidı́s dódh sé dóidı́s
sb. cráitear dóitear

ainm briathartha
crá dó

aidiacht bhriathartha

cráite dóite

(Nóta:—-f- leathan nuair is leathan don ghuta fada sa fhréamh; -t-


caol.)

Réimniú ar nos cráim, dóim—


báigh báim bá báite
cneáigh cneáim cneá cneáite
meáigh meáim meá meáite
sáigh sáim sá sáite
leáigh leáim leá leáite

beoigh beoim beochan beoite


breoigh breoim breo breoite
clóigh clóim cló clóite
dreoigh dreoim dreo dreoite
feoigh feoim feo feoite
reoigh reoim reo reoite
AN BRIATHAR 55

brúigh brúim brú brúite


crúigh crúim crú crúite
liúigh liúim liú (liúite)
súigh súim sú súıte

buaigh buaim buachan buaite


cruaigh cruaim cruachan cruaite
fuaigh fuaim fuáil fuaite
iaigh iaim iamh iata
luaigh luaim lua luaite

Léim (Léigh) Fı́m (Figh)

modh tásach

Aimsir Láithreach
uatha iolra uatha iolra

1. léim léimid fı́m fı́mid


2. léann tú léann sibh fı́onn tú fı́onn sibh
3. léann sé léann siad fı́onn sé fı́onn siad
sb. léitear fitear

Aimsir Chaite

1. léigh mé léamar d’fhigh mé d’fhı́omar


2. léigh tú léigh sibh d’fhigh tú d’fhigh sibh
3. léigh sé léigh siad d’fhigh sé d’fhigh siad
sb. léadh fı́odh

Aimsir Ghnáthchaite

1. léinn léimis d’fhı́nn d’fhı́mis


2. léiteá léadh sibh d’fhiteá d’fhı́odh sibh
3. léadh sé léidı́s d’fhı́odh sé d’fhı́dı́s
sb. léitı́ d’fhitı́

Aimsir Fháistineach

1. léifidh mé léifimid fı́fidh mé fı́fimid


2. léifidh tú léifidh sibh fı́fidh tú fı́fidh sibh
3. léifidh sé léifidh siad fı́fidh sé fı́fidh siad
sb. léifear fı́fear
56 GRAMADACH NA GAEILGE

modh coinnı́ollach

1. léifinn léifimis d’fhı́finn d’fhı́fimis


2. léifeá léifeadh sibh d’fhı́feá d’fhı́feadh sibh
3. léifeadh sé léifidı́s d’fhı́feadh sé d’fhı́fidı́s
sb. léifı́ d’fhı́fı́

modh foshuiteach láithreach

1. lé mé léimid fı́ mé fı́mid


2. lé tú lé sibh fı́ tú fı́ sibh
2. lé sé lé siad fı́ sé fı́ siad
sb. léitear fitear

modh ordaitheach

1. léim léimis fı́m fı́mis


2. léigh léigı́ figh fı́gı́
3. léadh sé léidı́s fı́odh sé fı́dı́s
sb. léitear fitear

ainm briathartha

léamh fı́

aidiacht bhriathartha

léite fite

(Nóta:—guta gearr roimh -t sna briathra a bhfuil guta gearr sa


fhréamh acu).

Réimniú ar nós léim, fı́m:—

éigh éim éamh —


pléigh pléim plé pléite
spréigh spréim spré spréite
téigh téim téamh téite

bligh blı́m bleán blite


caı́gh caı́m caı́ caı́te
cloı́gh cloı́m cloı́ cloı́te
cnaı́gh cnaı́m cnaı́ cnaı́te
dligh dlı́m dlı́ dlite
guigh guı́m guı́ —
AN BRIATHAR 57

ligh lı́m lı́ lite


luigh luı́m luı́ luite
nigh nı́m nı́ nite
snigh snı́m snı́ snite
snoigh snoı́m snoı́ snoite
suigh suı́m suı́ suite

An Dara Réimiú

Briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -(a)igh:—

Beannaı́m (Beannaigh) Cruinnı́m (Cruinnigh)

Modh tásach

Aimsir Láithreach
uatha iolra uatha iolra

1. beannaı́m beannaı́mid cruinnı́m crunnı́mid


2. beannaı́onn tú beannaı́onn sibh cruinnı́onn tú cruinnı́onn sibh
3. beannaı́onn sé beannaı́onn siad cruinnı́onn sé cruinnı́onn siad
sb. beannaı́tear cruinnı́tear

Aimsir Chaite

1. bheannaigh mé bheannaı́omar chruinnigh mé chruinnı́omar


2. bheannaigh tú bheannaigh sibh chruinnigh tú chruinnigh sibh
3. bheannaigh sé bheannaigh siad chruinnigh sé chruinnigh siad
sb. beannaı́odh cruinnı́odh

Aimsir Ghnáthchaite

1. bheannaı́nn bheannaı́mis chruinnı́nn chruinnı́mis


2. bheannaı́teá bheannaı́odh sibh chruinnı́teá chruinnı́odh sibh
3. bheannaı́odh sé bheannaı́dı́s chruinnı́odh sé chruinnı́dı́s
sb. bheannaı́tı́ chruinnı́tı́

Aimsir Fháistineach

1. beannóidh mé beannóimid cruinneoidh mé cruinneoimid


2. beannóidh tú beannóidh sibh cruinneoidh tú cruinneoidh sibh
3. beannóidh sé beannóidh siad cruinneoidh sé cruinneoidh siad
sb. beannófar cruinneofar
58 GRAMADACH NA GAEILGE

modh coinnı́ollach
1. bheannóinn bheannóimis chruinneoinn chruinneoimis
2. bheannófá bheannódh sibh chruinneofá chruinneodh sibh
3. bheannódh sé bheannóidı́s chruinneodh sé chruinneoidı́s
sb. bheannófaı́ chruinneofaı́

modh foshuiteach láithreach


1. beannaı́ mé beannaı́mid cruinnı́ mé cruinnı́mid
2. beannaı́ tú beannaı́ sibh cruinnı́ tú cruinnı́ sibh
3. beannaı́ sé beannaı́ siad cruinnı́ sé cruinnı́ siad
sb. beannaı́tear cruinnı́tear

modh ordaitheach
1. beannaı́m beannaı́mis cruinnı́m cruinnı́mis
2. beannaigh beannaı́gı́ cruinnigh cruinnı́gı́
3. beannaı́odh sé beannaı́dı́s cruinnı́odh sé cruinnı́dı́s
sb. beannaı́tear cruinnı́tear

ainm briathartha

beannú cruinniú

aidiacht bhriathartha

beannaithe cruinnithe

Is ar an gcuma chéanna le beannaı́m a réimnı́tear briathra ó


fhréamhacha ilsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -aigh, agus is ar an gcuma
chéanna le cruinnı́m a réimnı́tear briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a
chrı́ochnaı́onn ar -igh; ach tá eiseachtaı́ san ainm briathartha (lgh. 75-
6) agus correisceacht san aidiacht bhriathartha, e.g., daite, dlúite,
táite, teoranta.
AN BRIATHAR 59

Briathra Coimrithe
Briathra Coimrithe, i.e., briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a
chrı́ochnaı́onn ar -(a)il, -(a)in -(a)ir, -(a)is.

Ceanglaı́m (Ceangail) Dı́brı́m (Dı́bir)

modh tásach

Aimsir Láithreach
uatha iolra uatha iolra

1. ceanglaı́m ceanglaı́mid dı́brı́m dı́brı́mı́d


2. ceanglaı́onn tú ceanglaı́onn sibh dı́brı́onn tú dı́brı́onn sibh
3. ceanglaı́onn sé ceanglaı́onn siad dı́brı́onn sé dı́brı́onn siad
sb. ceanglaı́tear dı́brı́tear

Aimsir Chaite

1. cheangail mé cheanglaı́omar dhı́bir mé dhı́brı́omar


2. cheangail tú cheangail sibh dhı́bir tú dhı́bir sibh
3. cheangail sé cheangail siad dhı́bir sé dhı́bir siad
sb. ceanglaı́odh dı́brı́odh

Aimsir Ghnáthchaite

1. cheanglaı́nn cheanglaı́mis dhı́brı́nn dhı́brı́mis


2. cheanglaı́teá cheanglaı́odh sibh dhı́brı́teá dhı́brı́odh sibh
3. cheanglaı́odh sé cheanglaı́dı́s dhı́brı́odh sé dhı́brı́dı́s
sb. cheanglaı́tı́ dhı́brı́tı́

Aimsir Fháistineach

1. ceanglóidh mé ceanglóimid dı́breoidh mé dı́breoimid


2. ceanglóidh tú ceanglóidh sibh dı́breoidh tú dı́breoidh sibh
3. ceanglóidh sé ceanglóidh siad dı́breoidh sé dı́breoidh siad
sb. ceanglófar dı́breofar

modh coinnı́ollach

1. cheanglóinn cheanglóimis dhı́breoinn dhı́breoimis


2. cheanglófá cheanglódh sibh dhı́breofá dhı́breodh sibh
3. ceanglódh sé ceanglóidı́s dhı́breodh sé dhı́breoidı́s
sb. cheanglófaı́ dhı́breofaı́
60 GRAMADACH NA GAEILGE

modh foshuiteach láithreach

1. ceanglaı́ mé ceanglaı́mid dibrı́ mé dı́brı́mid


2. ceanglaı́ tú ceanglaı́ sibh dı́brı́ tú dı́brı́ sibh
3. ceanglaı́ sé ceanglaı́ siad dı́brı́ sé dı́brı́ siad
sb. ceanglaı́tear dı́brı́tear

modh ordaitheach

1. ceanglaı́m ceanglaı́mis dı́brı́m dı́brı́mis


2. ceangail ceanglaı́gı́ dı́bir dı́brı́gı́
3. ceanglaı́odh sé ceanglaı́dı́s dı́brı́odh sé dı́brı́dı́s
sb. ceanglaı́tear dı́brı́tear

ainm briathartha

ceangal dı́birt

aidiacht bhriathartha

ceangailte dı́beartha

Briathra eile a choimrı́tear:—

Réimniú ar nós ceanglaı́m—


agair agraı́m agairt agartha
bagair bagraı́m bagairt bagartha
codail codlaı́m codladh (codlata)
cogain cognaı́m cogaint coganta
cosain cosnaı́m cosaint cosanta
coscair coscraı́m coscairt coscartha
eascair eascraı́m eascairt eascartha
fógair fógraı́m fógairt fógartha
freagair freagraı́m freagairt freagartha
fuascail fuasclaı́m fuascailt fuascailte
ı́obair ı́obraı́m ı́obairt ı́obartha
iompair iompraı́m iompar iompartha
labhair labhraı́m labhairt labhartha
mungail munglaı́m mungailt mungailte
múscail músclaı́m múscailt múscailte
oscail osclaı́m oscailt oscailte
rómhair rómhraı́m rómhar romhartha
satail satlaı́m satailt satailte
tionscain tionscnaı́m tionscnamh tionscanta
tochail tochlaı́m tochailt tochailte
treascair treascraı́m treascairt treascartha
AN BRIATHAR 61

Réimniú ar nós dı́brı́m—

aithin aithnı́m aithint aitheanta


cigil ciglı́m cigilt cigilte
cuimil cuimlı́m cuimilt cuimilte
eitil eitlı́m eitilt eitilte
imir imrı́m imirt imeartha
inis insı́m insint inste

Nı́ choimrı́tear—
aithris aithrisı́m aithris aithriste
freastail freastalaı́m freastal freastalta
taistil taistealaı́m taisteal taistealta

ná briathra ó fhréamhacha a chrı́ochnaı́onn ar -aim, (a)ing, e.g.,

foghlaim foghlaimı́m foghlaim foghlamtha


fulaing fulaingı́m fulaingt fulaingthe
tarraing tarraingı́m tarraingt tarraingthe
tuirling tuirlingı́m tuirlingt tuirlingthe

Briathra Neamhrialta
Nı́ choinnı́onn na briathra neamhrialta an fhréamh chéanna trı́d sı́os
ina réimniú agus tá leaganacha ar leith ag cuid acu san Fhoirm
Spleách.

An Fhoirm Spleách
Is ı́ an fhoirm spleách a leanann na cónaisc, na forainmneacha
coibhneasta agus na mı́reanna briathartha seo—
a (ar), forainm coibhneasta, agus=an méid, an (ar), cá (cár), dá (dár)
<de+a (ar) agus dá (coinnı́ollach), go (gur), mura (murar), nach (nár),
nı́ (nı́or), sula (sular).
Is ar an gcuma chéanna a n-úsáidtear iad le briathra rialta a
úsáidtear na mı́reanna sin leis na briathra neamhrialta ach amháin sna
cásanna seo—
(a) nı́ úsáidtear na leaganacha ar -r (na cinn idir lúibı́nı́) de na
mı́reanna sin san Aimsir Chaite, Modh Táscach, leis na
foirmeacha leithleacha atá ag déanaim agus téim sa Spleách,
ná leis na briathra deirim, faighim, feicim, táim, téim, e.g.:—
62 GRAMADACH NA GAEILGE

An duine a bhfaca mé é ag dul isteach ann


An fear a bhfuair a mhac bás
An cnoc ar a raibh an crann ard ag fás
Thug sé cuntas ar a ndearna sé
An ndeachaigh tú ann?
Cá bhfacamar cheana é?
Gach nı́ dá bhfuair sibh
Deir sé go raibh siad ann
Mura ndearna
Nach ndeachaigh sibh abhaile fós?
Sin rud nach bhfaca mé riamh
Nı́ bhfuair sé an t-airgead fós
Sula rabhamar tagtha.

(b) Nı́ shéimhı́tear an briathar deirim i ndiaidh má ná nı́, e.g. nı́
deirim (deirimis, dúirt sé, déarfainn), má deir tú (deiridı́s).

Táthaı́tear an coibhneas a leis an mbriathar táim san aimsir


láithreach—atáim, atá, atáimid, atáthar. (Nı́ tháthaı́tear le deirim).
Cuirtear ná, in ionad nár, roimh fhoirmeacha an mhodha fhoshuitigh
de, e.g., ná raibh maith agat.

Beirim (Beir)
modh táscach

uatha iolra uatha iolra


Aimsir Láithreach Aimsir Chaite

1. beirim beirimid rug mé rugamar


2. beireann tú beireann sibh rug tú rug sibh
3. beireann sé beireann siad rug sé rug siad
sb. beirtear rugadh

Aimsir Ghnáthchaite Aimsir Fháistineach

1. bheirinn bheirimis béarfaidh mé béarfaimid


2. bheirteá bheireadh sibh béarfaidh tú béarfaidh sibh
3. bheireadh sé bheiridı́s béarfaidh sé béarfaidh siad
sb. bheirtı́ béarfar
AN BRIATHAR 63

modh coinnı́ollach modh foshuiteach láithreach


1. bhéarfainn bhéarfaimis beire mé beirimid
2. bhéarfá bhéarfadh sibh beire tú beire sibh
3. bhéarfadh sé bhéarfaidı́s beire sé beire siad
sb. bhéarfaı́ beirtear

modh ordaitheach
1. beirim beirimis
2. beir beirigı́
3. beireadh sé beiridı́s
sb. beirtear

ainm briathartha
breith

aidiacht bhriatheartha

beirthe

Cloisim (Clois) agus Cluinim (Cluin)


Is briathra rialta iad seo ach amháin san Aimsir Chaite mar a bhfuil
na foirmeacha seo a leanas acu araon:—

Aimsir Chaite
uatha iolra
1. chuala mé chualamar
2. chuala tú chuala sibh
3. chuala sé chuala siad
sb. chualathas

Ainm Briathartha

cloisteáil cluinstin

Aidiacht Bhriathartha

cloiste cluinte
64 GRAMADACH NA GAEILGE

Déanaim (Déan)

Is briathar rialta é seo ach amháin san Aimsir Chaite.

modh táscach

uatha iolra uatha iolra


Aimsir Láithreach Aimsir Chaite*
(Neamhspleách)

1. déanaim déanaimid rinne mé rinneamar


2. déanann tú déanann sibh rinne tú rinne sibh
3. déanann sé déanann siad rinne sé rinne siad
sb. déantar rinneadh

Aimsir Ghnáthchaite Aimsir Chaite


(Spleách)

1. dhéanainn dhéanaimis nı́ dhearna mé dhearnamar


2. dhéantá dhéanadh sibh nı́ dhearna tú dhearna sibh
3. dhéanadh sé dhéanaidı́s nı́ dhearna sé dhearna siad
(go, etc., ndearna mé, etc.)
sb. dhéantaı́ nı́ dhearnadh, go, etc., ndearnadh

Aimsir Fháistineach
uatha iolra

1. déanfaidh mé déanfaimid


2. déanfaidh tú déanfaidh sibh
3. déanfaidh sé déanfaidh said
sb. déanfar

modh coinnı́ollach modh foshuiteach


láithreach

1. dhéanfainn dhéanfaimis déana mé déanaimid


2. dhéanfá dhéanfadh sibh déana tú déana sibh
3. dhéanfadh sé dhéanfaidı́s déana sé déana siad
sb. dhéanfaı́ déantar

modh ordaitheach

1. déanaim déanaimis
2. déan déanaigı́
3. déanadh sé déanaidı́s
sb. déantar

*nó dhein mé, etc., sa dá Fhoirm.


AN BRIATHAR 65

ainm briathartha

déanamh

aidiacht bhriathartha

déanta

Deirim (Abair)
uatha iolra uatha iolra

modh táscach
Aimsir Láithreach Aimsir Chaite

1. deirim deirimid dúirt mé dúramar


2. deir tú deir sibh dúirt tú dúirt sibh
3. deir sé deir siad dúirt sé dúirt siad
sb. deirtear dúradh

Aimsir Ghnáthchaite Aimsir Fháistineach

1. deirinn deirimis déarfaidh mé déarfaimid


2. deirteá deireadh sibh déarfaidh tú déarfaidh sibh
3. deireadh sé deiridı́s déarfaidh sé déarfaidh siad
sb. deirtı́ déarfar

modh coinnı́ollach modh foshuiteach


láithreach

1. déarfainn déarfaimis deire mé deirimid


2. déarfá déarfadh sibh deire tú deire sibh
3. déarfadh sé déarfaidı́s deire sé deire siad
sb. déarfaı́ deirtear

modh ordaitheach

1. abraim abraimis
2. abair abraigı́
3. abradh sé abraidı́s
sb. abairtear

ainm briathartha

rá

aidiacht bhriathartha

ráite
66 GRAMADACH NA GAEILGE

Faighim (Faigh)
modh táscach

uatha iolra uatha iolra


Aimsir Láithreach Aimsir Chaite

1. faighim faighimid fuair mé fuaireamar


2. faigheann tú faigheann sibh fuair tú fuair sibh
3. faigheann sé faigheann siad fuair sé fuair siad
sb. faightear fuarthas

Aimsir Ghnáthchaite
uatha iolra

1. d’fhaighinn d’fhaighimis
2. d’fhaighteá d’fhaigheadh sibh
3. d’fhaigheadh sé d’fhaighidı́s
sb. d’fhaightı́

Aimsir Fháistineach

(Neamhspleách) (Spleách)

1. gheobhaidh mé gheobhaimid nı́ bhfaighidh mé bhfaighimid


2. gheobhaidh tú gheobhaidh sibh nı́ bhfaighidh tú bhfaighidh sibh
3. gheobhaidh sé gheobhaidh siad nı́ bhfaighidh sé bhfaighidh siad
(go, etc.,) bhfaighidh mé, etc.)
sb. gheofar nı́ (go, etc.) bhfaighfear

modh coinnı́ollach

(Neamhspleách) (Spleách)

1. gheobhainn gheobhaimis nı́ bhfaighinn bhfaighimis


2. gheofá gheobhadh sibh nı́ bhfaighfeá bhfaigheadh sibh
3. gheobhadh sé gheobhaidı́s nı́ bhfaigheadh sé bhfaighidı́s
(go, etc., bhfaighinn, etc.)
sb. gheofaı́ nı́ (go, etc., bhfaighfı́.)

modh foshuiteach modh ordaitheach


láıthreach

1. faighe mé faighimid faighim faighimis


2. faighe tú faighe sibh faigh faighigı́
3. faighe sé faighe siad faigheadh sé faighidı́s
sb. faightear faightear
AN BRIATHAR 67

ainm briathartha aidiacht bhriathartha


fáil faighte

Feicim (Feic)
Briathar Rialta ach amháin san Aimsir Chaite.

uatha iolra uatha iolra


modh táscach
Aimsir Láithreach Aimsir Chaite
(Neamhspleách)
1. feicim feicimid chonaic mé chonaiceamar
2. feiceann tú feiceann sibh chonaic tú chonaic sibh
3. feiceann sé feiceann siad chonaic sé chonaic siad
sb. feictear chonacthas

Aimsir Ghnáthchaite Aimsir Chaite


(Spleách)

1. d’fheicinn d’fheicimis nı́ fhaca mé fhacamar


2. d’fheicteá d’fheiceadh sibh nı́ fhaca tú fhaca sibh
3. d’fheiceadh sé d’fheicidı́s nı́ fhaca sé fhaca siad
(go, etc., bhfaca mé, etc.)
sb. d’fheictı́ nı́ fhacthas (go, etc., bhfacthas)

Aimsir Fháistineach modh coinníollach


1. feicfidh mé feicfimid d’fheicfinn d’fheicfimis
2. feicfidh tú feicfidh sibh d’fheicfeá d’fheicfeadh sibh
3. feicfidh sé feicfidh siad d’fheicfeadh sé d’fheicfidı́s
sb. feicfear d’fheicfı́

modh foshuiteach modh ordaitheach


láithreach

1. feice mé feicimid feicim feicimis


2. feice tú feice sibh feic feicigı́
3. feice sé feice siad feiceadh sé feicidı́s
sb. feictear feictear

ainm briathartha

feiceáil

aidiacht bhriathartha

feiceáil
68 GRAMADACH NA GAEILGE

Ithim (Ith)

Briathar rialta ach amháin san Aimsir Fháistineach agus sa Mhodh


Coinnı́ollach.

modh táscach

uatha iolra uatha iolra


Aimsir Ghnáthláithreach Aimsir Chaite

1. ithim ithimid d’ith mé d’itheamar


2. itheann tú itheann sibh d’ith tú d’ith sibh
3. itheann sé itheann siad d’ith sé d’ith siad
sb. itear itheadh

Aimsir Ghnáthchaite Aimsir Fháistineach

1. d’ithinn d’ithimis ı́osfaidh mé ı́osfaimid


2. d’iteá d’itheadh sibh ı́osfaidh tú ı́osfaidh sibh
3. d’itheadh sé d’ithidı́s ı́osfaidh sé ı́osfaidh siad
sb. d’itı́ ı́osfar

modh coinnı́ollach modh foshuiteach


láıthreach

1. d’ı́osfainn d’ı́osfaimis ithe mé ithimid


2. d’ı́osfá d’ı́osfadh sibh ithe tú ithe sibh
3. d’ı́osfadh sé d’ı́osfaidı́s ithe sé ithe siad
sb. d’ı́osfaı́ itear

modh ordaitheach

1. ithim ithimis
2. ith ithigı́
3. itheadh sé ithidı́s
sb. itear

ainm briathartha

ithe

aidiacht bhriathartha

ite
AN BRIATHAR 69

Tagaim (Tar)

modh táscach

uatha iolra uatha iolra


Aimsir Láithreach Aimsir Chaite

1. tagaim tagaimid tháinig mé thángamar


2. tagann tú tagann sibh tháinig tú tháinig sibh
3. tagann sé tagann siad tháinig sé tháinig siad
sb. tagtar thángthas

Aimsir Ghnáthchaite Aimsir Fháistineach

1. thagainn thagaimis tiocfaidh mé tiocfaimid


2. thagtá thagadh sibh tiocfaidh tú tiocfaidh sibh
3. thagadh sé thagaidı́s tiocfaidh sé tiocfaidh siad
sb. thagtaı́ tiocfar

modh coinnı́ollach modh foshuiteach


láithreach

1. thiocfainn thiocfaimis taga mé tagaimid


2. thiocfá thiocfadh sibh taga tú taga sibh
3. thiocfadh sé thiocfaidı́s taga sé taga siad
sb. thiocfaı́ tagtar

modh ordaitheach

1. tagaim tagaimis
2. tar tagaigı́
3. tagadh sé tagaidı́s
sb. tagtar

ainm briathartha

teacht

aidiacht bhriathartha

tagtha
70 GRAMADACH NA GAEILGE

Téim (Téigh)
modh táscach

uatha iolra uatha iolra

Aimsir Láithreach
uatha iolra
1. téim téimid
2. téann tú téann sibh
3. téann sé téann siad
sb. téitear

Aimsir Chaite

(Neamhspleách) (Spleách)
1. chuaigh mé chuamar nı́ dheachaigh mé dheachamar
2. chuaigh tú chuaigh sibh nı́ dheachaigh tú dheachaigh sibh
3. chuaigh sé chuaigh siad nı́ dheachaigh sé dheachaigh siad
(go, etc., ndeachaigh mé, etc.
sb. chuathas nı́ dheachthas, go, etc., ndeachthas

Aimsir Ghnáthcháite Aimsir Fháistineach


1. théinn théimis rachaidh mé rachaimid
2. théiteá théadh sibh rachaidh tú rachaidh sibh
3. théadh sé théidı́s rachaidh sé rachaidh siad
sb. théitı́ rachfar

modh coinnı́ollach modh foshuiteach


láithreach
1. rachainn rachaimis té mé téimid
2. rachfá rachadh sibh té tú té sibh
3. rachadh sé rachaidı́s té sé té siad
sb. rachfaı́ téitear

modh ordaitheach

1. téim téimis
2. téigh téigı́
3. téadh sé téidı́s
sb. téitear

ainm briathartha

dul

aidiacht bhriathartha

dulta
AN BRIATHAR 71

Tugaim (Tabhair)
modh táscach
uatha iolra uatha iolra
Aimsir Láithreach Aimsir Chaite
1. tugaim tugaimid thug mé thugamar
2. tugann tú tugann sibh thug tú thug sibh
3. tugann sé tugann siad thug sé thug siad
sb. tugtar tugadh

Aimsir Ghnáthchite Aimsir Fháistineach

1. thugainn thugaimis tabharfaidh mé tabharfaimid


2. thugtá thugadh sibh tabharfaidh tú tabharfaidh sibh
3. thugadh sé thugaidı́s tabharfaidh sé tabharfaidh siad
sb. thugtaı́ tabharfar

modh coinníollach modh foshuiteach


láithreach
1. thabharfainn thabharfaimis tuga mé tugaimid
2. thabharfá thabharfadh sibh tuga tú tuga sibh
3. thabharfadh sé thabharfaidı́s tuga sé tuga siad
sb. thabharfaı́ tugtar

modh ordaitheach
1. tugaim tugaimis
2. tabhair tugaigı́
3. tugadh sé tugaidı́s
sb. tugtar

ainm briathartha

tabhairt

aidiacht bhriathartha
tugtha
72 GRAMADACH NA GAEILGE

Táim (Bı́)
modh tásach

Aimsir Láithreach
uatha iolra uatha iolra

Neamhspleách Spleách

1. táim (tá mé) táimid nı́lim (nı́l mé) nı́limid


2. tá tú tá sibh nı́l tú nı́l sibh
3. tá sé tá siad nı́l sé nı́l siad
(go, etc., bhfuilim (bhfuil mé), etc.)
sb. táthar nı́ltear, go, etc., bhfuiltear.

Aimsir Ghnáthláithreach Aimsir Ghnáthchaite

1. bı́m bı́mid bhı́nn bhı́mis


2. bı́onn tú bı́onn sibh bhı́teá bhı́odh sibh
3. bı́onn sé bı́onn siad bhı́odh sé bhı́dı́s
sb. bı́tear bhı́tı́

Aimsir Chaite

(Neamhspleách) (Spleách)

1. bhı́ mé bhı́omar raibh mé rabhamar


2. bhı́ tú bhı́ sibh raibh tú raibh sibh
3. bhı́ sé bhı́ siad raibh sé raibh siad
sb. bhı́othas rabhthas

modh coinníollach
Aimsir Fháistineach agus
modh foshuiteach caite

1. beidh mé beimid bheinn bheimis


2. beidh tú beidh sibh bheifeá bheadh sibh
3. beidh sé beidh siad bheadh sé bheidı́s
sb. beifear bheifı́

modh foshuiteach modh ordaitheach


láithreach

1. raibh mé rabhaimid bı́m bı́mis


2. raibh tú raibh sibh bı́ bı́gı́
3. raibh sé raibh siad bı́odh sé bı́dı́s
sb. rabhthar bı́tear

ainm briathartha

bheith
AN BRIATHAR 73

ainmneacha briathartha
An Chéad Réimniú
-(e)adh:—
adhlacadh, adhradh, aoladh;
bacadh, barradh, bascadh, bearradh, béiceadh, bı́ogadh, blaiseadh,
bogadh, borradh, breacadh, bréagadh, briseadh, bronnadh,
brúchtadh;
cailleadh, cáineadh, cáitheadh, calcadh, camadh, canadh, caochadh,
caoineadh, carnadh, casadh, cealgadh, ceapadh, céasadh, ceiliúradh,
cinneadh, cı́oradh, claonadh, cleachtadh, cliseadh, clogadh,
cnagadh, coipeadh, comóradh, cónascadh, coradh, corbadh,
craoladh, crapadh, creimeadh, crochadh, croitheadh, cromadh,
crosadh, cumadh;
dáileadh, dalladh, daoradh, dearcadh, deargadh, dingeadh, dı́onadh,
diúgadh, diúracadh, dochtadh, doirteadh, drannadh, dreapadh,
driogadh, dúnadh;
eisceadh;
feannadh, filleadh, fiuchadh, fliuchadh, foirceannadh, folcadh,
friochadh, fuineadh;
gealadh, gealladh, gearradh, géilleadh, glacadh, glanadh, gléasadh,
gobadh, goilleadh, greadadh, gréisceadh, griogadh, grı́oscadh,
gróigeadh;
iniúchadh, ionnarbadh;
lasadh, lascadh, leadhbadh, léasadh, leathadh, leonadh liathadh,
lı́onadh, lobhadh, locadh (e.g., caorach), loghadh, loiceadh (=
cliseadh), lomadh, luascadh, lúbadh;
mealladh, meascadh, milleadh, moladh, múchadh, múineadh;
nascadh, nochtadh;
obadh, oirnéaladh;
péacadh, piocadh, plabadh, plúchadh, pógadh, polladh, pósadh,
preabadh, promhadh, púscadh;
radadh, réabadh, riaradh, rolladh, ropadh, róstadh, ruaigeadh;
sábhadh, saoradh, scagadh, scaipeadh, scairteadh, scamhadh, scaradh,
scealpadh, sceitheadh, scinneadh, scilligeadh, sciobadh, sciorradh,
sciúradh, sciurdadh, scoilteadh, scoitheadh, screadadh, scrı́obadh,
scriosadh, scuabadh, seachadadh, séanadh, searradh, séideadh,
seoladh, sileadh, siocadh, sı́neadh, slaodadh, sléachtadh, slogadh,
smearadh, smoladh, snaidhmeadh, spreagadh, spriúchadh, sracadh,
74 GRAMADACH NA GAEILGE

staonadh, stealladh, stiúradh, stoitheadh, stolladh, stopadh,


stróiceadh;
tachtadh, táirgeadh, taoscadh, teascadh, teitheadh, tı́olacadh,
tnáitheadh, toghadh, tolgadh, traochadh, traoitheadh, treabhadh;
úmadh, ungadh.
Leathnú iontu seo—bualadh, fáscadh, loscadh, rúscadh, troscadh.

Ionann is an fhréamh:—
amharc, at; bruith; coimeád, crith, cumasc; dearmad, dı́ol, diúl; éag;
fás, fiach, feighil; goid, goin; ı́oc; lámhach, leigheas, léim; meas; ól;
reic, rı́omh, rith; scrı́obh, slad, snámh, snı́omh, stad; tál, teagasc, teip,
tóch, trácht, triail, triall, troid; úsáid; briathra ó fhréamh a
chrı́ochnaı́onn ar—(e)áil, e.g., buamáil, cardáil, ciondáil, cniotáil,
cóireáil, crústáil, druileáil, ionramháil, plánáil, plástráil, póitseáil,
sóinseáil, tairneáil, vótáil.
(-áil freisin i gcás:—fág, fagáil; féadachtáil; gabh, gabháil; mair,
maireachtáil; tóg, tógáil).

Leathnú ar an bhfréamh:—
brath; cosc, cur; gol; iomlasc; lot; scor, siúl; tochas, tochras,
toirmeasc, tomhas.

-t leis an bhfréamh:—
adhaint; baint; ceilt; deighilt; meilt; roinnt.

-(e)amh:—
buaireamh; caitheamh; comhaireamh; fónamh; iamh; léamh;
maitheamh; seasamh; téamh; tuilleamh.

-(e)an:—
airleacan, athnuachan; beochan, buı́ochan, buachan; cruachan;
coisreacan; leagan, ligean; teilgean, tionlacan; tréigean.

-úint:—
creidiúint; feiliúnt; giniúint; leanúint; oiliúint.
AN BRIATHAR 75

Guta:—
bá, breo, brú; caı́, cló, cloı́, cnaı́, cneá, crú; dlı́, dó, dreo; faire, feo,
fı́; guı́; impı́; lı́, liú, lua, luı́; meá; nı́; plé; reo; sá, sleá, snı́, snoı́, spré,
sú, suı́; trá, treá.

Ainmneacha briathartha eile:—


bligh, bleán; druid, druidim; éist, éisteacht; fan, fanacht; fóir, fóirithint;
gluais, gluaiseacht; gráim, gráú; iarr, iarraidh; scread, screadaı́l; seinn,
seinm; tit, titim; tuig, tuiscint.

An Dara Réimniú
-(i)ú:—
achoimriú, achtú, aclú, aerú, aibiú, aimsiú, ainmniú, airbheartú,
áirithiú, aistriú, aithisiú, áitiú (=cónaı́), altú, amasú, análú, aontú,
ardú, athrú;
bailiú, bánú, bealú, bearnú, beartú, beathú, bisiú, bláthú, bochtú,
bodhrú, bolú, bréagnú, breathnú, breáthú, breifniú, brostú, buanú,
bunú;
cabhrú, cáiliú, caolú, ceadú, ceadúnú, cealú, ceansú, ceartú, ceistiú,
ciallú, ciorrú, ciúnú, claochlú clárú, cluimhriú, clutharú, cneasú,
cobhsú, coigeartú, coigistiú, cóiriú, comhairliú, comharthú,
comhadú, corónú, cothromú, cothú, craplú, créachtú, creathnú,
criathrú, crı́ochnú, cruinniú, cuidiú, cruingriú, cumhachtú, cumasú,
cúngú;
daingniú, damnú, daoirsiú, dathú, deachtú, dealú, dearbhú, deifriú,
deilbhiú, deimhniú, deisiú, deonú, dilsiú, dı́orthú, dı́othú, dı́riú,
dı́sciú, diúltú, dlúthú, dochrú, doimhniú, dorchú, dréachtú, dreasú,
drithliú;
eadóirsiú, éadromú, eagrú, éalú, eangú, éascú, éigniú, éilliú;
fadú, failliú, fairsingiú, feabhsú, feidhmiú feistiú, fianú, fı́orú, fiosrú,
foilsiú, folmhú, fostú, fréamhú, fuaimniú, fuarú;
géarú, giorrú, gloiniú, gnáthú, gnı́omhú, gnóthú, goiliú (éisc), gormú,
gortú, greamú, grinniú, grı́osú;
ı́diú, iolrú, iomadú, iompú, ı́sliú;
laghdú, láidriú, láimhsiú, lárú, leasú, leathnú, léiriú, leithreasú, lı́niú,
lochtú, lonrú, luathú, luchtú;
maisiú, malartú, maolú, maothú, marú, maslú, meabhrú, méadú,
meicniú, mı́niú, mionnú, moilliú, mothú;
náiriú, naomhú, neadú, neartú, neodrú;
76 GRAMADACH NA GAEILGE

oibriú, oiriúnú, oirniú, onórú, ordú, ornáidiú;


páirtiú, peacú, plandú, plódú, portú;
ramhrú, rangú, ráthú, reachtú, réimniú, rialú, rianú, righniú, roghnú,
ruithniú;
salú, samhlú, santú, saolú, saothrú, sárú, scanrú, scrúdú, sealbhú, séalú,
sı́niú, sı́olrú, sı́othlú, slachtú, slánú, smachtú, snasú, socrú, soilsiú,
sollúnú, sonrú, suimiú;
taibhsiú, tairbhiú, tanú, taobhú, tapú, tarcaisniú, táthú, teanntú, teistiú,
timpeallú, tiomnú, tiomsú, tiontú, tosú, trasnú, tréaslú, treorú,
triomú, truailliú, tuirsiú, tuisliú;
uachtú, uaisliú, ualú, údarú, uimhriú, ullmhú, umhlú, urasú, urrú,
urú, úrú.

-(a)ı́:—
achainı́, cónaı́, corraı́, eachtraı́, éirı́, fiafraı́, impı́, ionsaı́, taithı́.

-t leis an bhfréamh:—
aifirt, agairt, aithint; bagairt; cigilt, cogaint coigilt, cosaint, coscairt,
cuimilt; dı́birt; eascairt, eitilt; fógairt, freagairt, fuascailt, fulaingt; imirt,
ı́obairt; labhairt; mungailt, múscailt; oscailt; satailt, seachaint;
tarraingt, tochailt, treascairt, tuirlingt.

Leathnú ar an bhfréamh:—
ceangal, cogar, freastal, iompar, rómhar, taisteal.

-(e)amh:—
áireamh, áiteamh; cuimhneamh, cúiteamh; dealramh; éileamh;
foighneamh; iomramh; machnamh; sásamh, smaoineamh; taibhreamh,
táinseamh, taitneamh, tionscnamh.

-(e)ach:—
ceannach, clúdach, cnuasach, cuardach, cumhdach; eiteach; fuadach;
réiteach; taifeach.

Ainmneacha briathartha eile:—


admhaigh, admháil; aoirigh, aoireacht; damhsaigh, damhsa; dubhaigh,
dúchan; dúisigh, dúiseacht; eisigh, eisiúint; fortaigh, fortacht; imigh,
imeacht; inis, insint; marcaigh, marcaı́ocht; soláthraigh, soláthar;
tairngir, tairngreacht; teagmhaigh, teagmháil; tiubhaigh, tiúchan;
tóraigh, tóraı́ocht.
AN BRIATHAR 77

Dı́ochlaonadh an Ainm Bhriathartha

An Ginideach
1. Is ionann foirm de ghnáth do ghinideach an ainm bhriathartha
agus don aidiacht bhriathartha i gcás:—

(a) ainmneacha briathartha a chrı́ochnaı́onn ar -(e)adh, e.g.,


cáineadh, (rún) cáinte; moladh, (dán) molta; bearradh, (scian)
bhearrtha; folcadh, (dabhach) folctha.

(b) ainmneacha briathartha a chrı́ochnaı́onn ar ghuta, e.g., éalú,


(bealach) éalaithe; ionsaı́, (lucht) ionsaithe; sú, (páipéar) súite;

(c) ainmneacha briathartha a chrı́ochnaı́onn ar -ilt, -in(g)t (ach


amháin -áint, úint), -irt, e.g., cuimilt, (barra) cuimilte; cosaint,
(gléas) cosanta; agus ceilt, coigilt, deighilt, eitilt, fuascailt, meilt,
múscailt, oscailt, satailt, tochailt; adhaint, baint, cogaint, roinnt,
seachaint; tarraingt, tuirlingt; agairt, bagairt, coscairt, dı́birt,
eascairt, fógairt, freagairt, ı́obairt, labhairt, treascairt.
(d) roinnt ainmneacha briathartha firinscneacha a chrı́ochnaı́onn
ar chonsan leathan, e.g., bleán, buaireamh, coimeád,
caitheamh, déanamh, iamh, léamh, maitheamh, leagan,
scrı́obh; seasamh, téamh;
agus corrainm briathartha eile, e.g., bruith, druidim.

2. Tá ainmneacha briathartha áirithe ann ar gnáth athrú mar a


théann ar ghnáth-ainmfhocail a dhul orthu sa ghinideach, e.g.,

(a) caolaı́tear an consan deiridh, mar a dhéantar le hainmfhocail


den Chéad Dı́ochlaonadh, sna hainmneacha briathartha
seo—gol, (fonn) goil; machnamh, (ag déanamh a)
machnaimh.
(b) cuirtear -e leis an gconsan deiridh, mar a dhéantar le
hainmfhocail den Dara Dı́ochlaonadh, san ainm briathartha
fóirithint, (foireann) fóirithinte.
(c) is ngnáth ginideach ar -a, ar nós ainmfhocal den Trı́ú
Dı́ochlaonadh, ag ainmneacha briathartha a chrı́ochnaı́onn ar
-áil, -aı́l, -áint -úint, -cht, e.g., páipéar admhála, bean chardála,
78 GRAMADACH NA GAEILGE

biorán cniotála, slı́ mhaireachtála, bád tarrthála, láthair na


teagmhála, crann tógála; le teann lúbarnaı́ola; foireann
iomána, slat tiomána; lucht leanúna, coláiste oiliúna; clog
dúiseachta, cead imeachta, capall marcaı́ochta, lá a theachta,
lucht tóraı́ochta;
agus ag corrainm briathartha eile, e.g., dı́olaim, (fear)
dı́olama; éag, (ar chúl) éaga; tuiscint, (bua) tuisceana.
(d) Ginideach an ainmfhocail, de réir an dı́ochlaonta lena
mbaineann, a bhı́onn ag gnáth-ainmfhocail a úsáidtear chun
feidhmeanna de chuid ainm bhriathartha a dhéanamh ach
nach dtéann réimniú briathair thairis sin orthu, e.g.,:—
An Chéad Dı́ochlaonadh—ag magadh, cúis mhagaidh; ag
seanchas, fear seanchais;
An Dara Dı́ochlaonadh—ag báisteach, cuma báistı́; ag
fearthainn, fuadar fearthainne;
An Trı́ú Dı́ochlaonadh—ag bradaı́l, bó bhradaı́ola; ag
gnúsacht, le tréan gnúsachta; agus ag ainmneacha briathartha
den chineál sin ina gcuirtear foirceann leis an mbun-
ainmfhocal, e.g., bádóireacht (bád), cneadach (cnead),
peataireacht (peata), spailpı́nteacht (spailpı́n), tincéireacht
(tincéir).
Is mar sin a bhı́onn freisin de ghnáth i gcás athleaganacha
atá ag mórán ainmneacha briathartha chun leanúntas,
minicı́ocht, teibı́ocht, torann, treise nó fochiall eile a chur in
iúl, e.g., lochtú, lochtúchán; nı́, nı́ochán; léamh, léıtheoireacht;
preabadh, preabadach; liú, liúireacht; srannadh, srantarnach;
diúgadh, diúgaireacht; muirniú, muirnı́nteacht; gráú,
gráinteacht.

Nı́ bhı́onn foirm don aidiacht bhriathartha ag ainmneacha


briathartha de na cineálacha sin atá luaite in (d) thuas. Tá foirm na
haidiachta in easnamh freisin ar ghnáthainmneacha briathartha
áirithe, e.g., achainı́, uair na hachainı́; cúnamh, (mo dhóthain) cúnta;
fónamh, fear fónaimh; gol, racht goil, guı́, faoi bhrı́ guı́; maireachtáil,
slı́ mhaireachtála.

3. Tá roinnt ainmneacha briathartha ann a mbı́onn, go hiondúil,


dhá fhoirm acu sa ghinideach (i) foirm na haidiachta briathartha, agus
(ii) foirm de réir ceann éigin de dhı́ochlaontaı́ na n-ainmfhocal, mar
a leanas:—
AN BRIATHAR 79

(a) I bhformhór na n-ainmneacha briathartha firinscneacha a


chrı́ochnaı́onn ar chonsan leathan caolaı́tear an consan
deiridh, mar a dhéantar le hainmfhocail den Chéad
Dı́ochlaonadh, e.g., áireamh, airleacan, áiteamh, brath,
ceangal, ceannach, clúdach, cnuasach, cogar, coisreacan,
comhaireamh, comhrac, cosc, cuardach, cuimhneamh,
cúiteamh, cumasc, cumhdach, dealramh, dearmad, diúl,
éileamh, eiteach, fiach, foighneamh, freastal, fuadach, gearán,
iomlasc, iompar, lámhach, leagan, leigheas, ligean, lot, ól,
réiteach, rı́omh, rómhar, sásamh, scor, siúl, smaoineamh,
soláthar, stad, taibhreamh, taifeach, táinseamh, taisteal,
taitneamh, tál, teagasc, teilgean, tionól, tionlacan, tionscnamh,
tobhach, tochas, tochras, toirmeasc, tomhas, tuilleamh.
(b) Tá beagán ainmneacha briathartha baininscneacha ann a
mbı́onn ginideach ar -e acu, ar nós ainmfhocal den Dara
Dı́ochlaonadh, e.g., aithris (cóir aithrise), breith, (lá breithe),
insint (an sórt insinte), léim (ag caitheamh léime), titim (fonn
titime), úsáid (easpa úsáide).

(c) Bı́onn ginideach ar -a, ar nós ainmfhocal den Trı́ú


Dı́ochlaonadh, ag ainmneacha briathartha baininscneacha a
chrı́ochnaı́onn ar -chan, e.g., beochan, deoch bheochana, agus
ag na hainmneacha briathartha seo—crith, foghlaim, ı́oc, reic,
rith, seinm, slad, snámh, snı́omh, tairiscint, tál, trácht, triall,
troid, tuiscint. Nı́ athraı́tear druidim.

Is ı́ foirm na haidiachta briathartha a úsáidtear, go hiondúil, nuair a


bhı́onn cuspóir ag gabháil leis an ainm briathartha, e.g., fear buaite an
rása, fear ceannaithe na mbeithı́och, fear inste scéil, lucht ólta poitı́n,
tar éis a iompartha, modh a úsáidte, fear a bhraite, lá ı́octha na rátaı́.
Is ı́ an fhoirm eile is gnáth a úsáid nuair is feidhm ainmfhocail nó
feidhm aidiachta a bhı́onn leis an ainm briathartha, e.g., crios ceangail,
pota cnuasaigh, uisce coisreacain, ceann comhairimh, céile comhraic,
solas cuardaigh, airgead cúitimh, gamhain diúil, fear an éilimh, gadhar
fiaigh, fear freastail, cúis ghearáin, gléas iompair, gunna lámhaigh, cú
loirg, deoch leighis, rian loit, boladh óil, fear réitigh, pı́ce rómhair, bean
siúil, culaith snámha, bolg an tsoláthair, lucht taistil, leabhar teagaisc,
láthair tionóil, ag cur teilgin, cuaille tochais, slat tomhais, lucht tuillimh;
cóir aithrise, áit bhreithe, lucht gairme, easpa úsáide; lucht braith, galar
creatha, both dı́ola, aos foghlama, fear an ı́oca, stalla reaca, ligean
80 GRAMADACH NA GAEILGE

reatha, lucht seanma, fearsaid snı́omha, múinteoir taistil, babhta troda,


brú tráchta, lucht trialla.

An tIolra
Tá roinnt ainmneacha briathartha ann a úsáidtear mar ghnáth-
ainmfhocail chomh maith. Bı́onn foirm iolra acu sin de réir an
dı́ochlaonta lena mbaineann iad.
Nı́ minic a úsáidtear ainmneacha briathartha eile san iolra. Is mar
ghnáth-ainmfhocail a úsáidtear amhlaidh iad.
I gcás ainmneacha briathartha a chrı́ochnaı́onn ar -adh(-eadh) is
gnáth -taı́(-tı́) a chur in ionad an -adh(-eadh) más ch, d, n, t, l nó s is
crı́och don fhréamh, agus -thaı́, etc., más consan eile is crı́och di, e.g.,
baisteadh, baistı́; casadh, castaı́; moladh, moltaı́; pósadh, póstaı́.
Cuirtear -t(h)aı́ocha, -tı́ocha le corrainm briathartha, e.g., filleadh,
filltı́ocha; gearradh, gearrthaı́ocha.
I gcás ainmneacha briathartha ilsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar -ú(-iú)
cuirtear -uithe(-ithe) in ionad an -ú(iú), e.g., athrú, athruithe, ceartú,
ceartuithe; fiosrú, fiosruithe; mı́niú, mı́nithe; ordú, orduithe; scrúdú,
scrúdaithe.
I gcás ainmneacha briathartha a chrı́ochnaı́onn ar -áil leathnaı́tear
an l agus cuirtear -acha, leis, e.g., admháil, admhálacha; ofráil,
ofrálacha.
Cuirtear -aı́ le hainmneacha briathartha a chrı́ochnaı́onn ar -cht, e.g.,
gluaiseacht, gluaiseachtaı́, agus -ı́ le hainmneacha briathartha a
chrı́ochnaı́onn ar -lt, -nt, -rt, e.g., oscailt, oscailtı́; creidiúint, creidiúintı́;
tairiscint, tairiscintı́; bagairt, bagairtı́; ach labhairt, labhartha.
Ainmneacha briathartha aonsiollacha a chrı́ochnaı́onn ar ghuta,
cuirtear -nna nó, corruair, -ite leo, brú, brúnna; dó, dónna; rá, ráite.

An Aidiacht Bhriathartha
Úsáidtear na réimı́reanna in-, do-, so-, le foirm na haidiachta
briathartha chun rangabhálacha a dhéanamh, e.g., indéanta,
inscrúdaithe, dochoiscthe, dofheicthe, doghluaiste, dothuigthe,
sofheicthe, sofhoghlaimthe, sophacáilte.
AN CHOPAIL
an modh tásach
Aimsir Láithreach (agus Fháistineach)

Ceisteach

Deimhneach Diúltach Deimhneach Diúltach

NEAMHSPLEÁCH is nı́ an nach

SPLEÁCH … … gur (gurb) nach — —

COIBHNEASTA
Dı́reach … … is nach — —
Neamhdhı́reach ar (arb) nach

Foirmeacha eile
le:—cá do má mura ó
cárb dar (darb) más mura (murab) ós

Aimsir Chaite agus MODH COINNÍOLLACH

Ceisteach

Deimhneach Diúltach Deimhneach Diúltach

NEAMHSPLEÁCH ba nı́or ar nár


(nı́orbh) (arbh) (nárbh)

SPLEÁCH … … gur (gurb) nár (nárbh) — —

COIBHNEASTA
Dı́reach … … ba (ab) nár (nárbh) — —
Neamhdhı́reach ar (arbh) nár (nárbh)

le:—cá cé dá do má mura


cárbh cér (cérbh) dá mba dar (darbh) má ba murar (murarbh)

81
82 GRAMADACH NA GAEILGE

an modh foshuiteach
Aimsir Láithreach
Deimhneach Diúltach

gura nára
(gurab) (nárab)

Is iad na foirmeacha ar -b a úsáidtear roimh ghuta,* san aimsir


láithreach, agus is iad na foirmeacha ar -bh a úsáidtear roimh ghuta,
nó fh- agus guta ar a lorg, san aimsir chaite agus sa mhodh
coinnı́ollach, e.g.:—
Deir sé gurb é Seán a rinne é
Is minic gurb é an lá fliuch is fearr don ghnó sin
Sin an fear arb eol dó an scéal go léir
Cárb as é?
Tá sé pósta le cailı́n darb ainm Sinéad
Murab áil leat é a dhéanamh ná bac leis
Arbh aon ionadh é?
Arbh fhéidir leat dul ann?
Nı́orbh eagal dó
Nı́orbh fhiú leis scrı́obh chugam
Nárbh aisteach an rud é?
Nárbh fhearr dó fanacht sa bhaile?
Cheap sé gurbh éigean dó dul ann
An raibh a fhios aige gurbh fhéidir é a cheannach?
Nárbh éachtach an duine é?
B’fhéidir nárbh fhearr riamh é
Cérbh é an fear sin?
Fear darbh ainm Seán an bhı́ ann
Duine darbh fheasach an t-airgead a bheith ann
Murarbh é sin é
Murarbh fhéidir leis obair a dhéanamh
Gurab amhlaidh duit!
Nárab é a leas é!
*ach gur i gcásanna nach bhfuil an siolla faoi bhéim, e.g. (a) roimh fhorainm in
abairtı́nı́ ainm bhriathartha, (b) roimh réamhfhocal, (c) roimh dhobhriathar (seachas
amhlaidh agus dobhriathra aidiachtacha)—gur é a mharú is ceart, gur ag Seán atá sé,
gur anseo atá sé.
AN CHOPAIL 83

Nóta.—Coinnı́tear foirmeacha na copaile scartha ón bhfocal ina


ndiaidh, e.g. is é, is ı́, is iad, is ea (nó sea); ba é, ba ı́, ba iad, ba ea; dá
mba ı́, etc., má ba é, etc; ach i dtús cainte scrı́obhtar b’ (agus dá mb’,
má b’) roimh fhocal a thosaı́onn ar ghuta, nó ar fh- agus guta ar a
lorg, e.g., b’áil liom dul abhaile, dá mb’fhéidir leat é a dhéanamh, má
b’fhiú an méid sin é.
Séimhiú agus Urú
Séimhiú

Scrı́obhtar séimhiú ar na consain go léir ach amháin h, l, n, r, v: agus


s roimh chonsan seachas l, n, r.

Séimhiú ar Ainmfhocail
Séimhı́tear túschonsan ainmfhocail—
1. I ndiaidh an Ailt (mura d, t, s an túschonsan)—
(a) san ainmneach uatha baininscneach, e.g., an bhean;
(b) sa ghinideach uatha firinscneach, e.g., mac an fhir:
(c) sa tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach, nuair
a ghabhann na réamhfhocail de, do, i leis an alt, e.g., den
chapall, don bhó, sa chathair, san fhuinneog. (Féach leat 91).

2. I ndiaidh na Mı́re Gairmı́—san uatha agus san iolra, firinscneach


agus baininscneach, e.g., a dhuine chóir; a chailleach chrón! a Ghaela!

3. I ndiaidh Aidiachta—
(a) na haidiachtaı́ sealbhacha mo, do, a (firinscneach uatha), e.g.,
mo mhac, do theach, a pheann;
(b) an aidiacht rannach uile, e.g., an uile fhocal, gach uile
sheachtain:
(c) na huimhreacha aon agus chéad, mura d, t, s, an túschonsan;
dhá mura mbı́onn ceann de na haidiachtaı́ sealbhacha a (3 p
uath., b., agus iol.,), ár, bhur roimhe; agus trı́, ceithre, cúig, sé,
murab é an t-iolra a ghabhann leo, e.g., aon chailı́n amháin,
an chéad bhróg; dhá chapall; trı́ bhád, ceithre bhó, cúig mhála,
sé theach.
84
SÉIMHIÚ AGUS URÚ 85

4. I ndiaidh Réamhfhocail Shimplı́—


(a) de, do (agus a<do, e.g., obair a dhéanamh), faoi, mar, ó,
roimh, trı́, um, e.g., de Sheán, do bhuachaillı́, faoi bhord, mar
dhuine, ó bhéal, roimh mhaidin, trı́ chalaois, um Shamhain;
(b) ar, e.g., ar bhád, ar charraig, ar dhaoine; ach nı́ shéimhı́tear
i gcás abairtı́nı́ dobhriathartha ná ainmneacha briathartha a
chuireann staid nó suı́omh i gcéill, e.g., ar ball, ar bord
(loinge), ar deireadh, ar fad, ar meisce, ar muir agus ar tı́r, ar
tiús, ar bogadh, ar crochadh, ar fáil, ar siúl—ach ar fheabhas,
ar shiúl (=imithe).
(c) gan, ar an bhfocal aonair mura, d, t, s nó f an túschonsan, e.g.,
gan chuid, gan chiall, gan mhaith, gan mheabhair, gan bhréag,
ach gan dearmad, gan sagart, gan tine, gan feoirling
(Eisceacht: gan fhios).
Nı́ chuirtear séimhiú ar an bhforá ná ar ainmfhocal a bhfuil
aidiacht nó fochlásal ag gabháil leis, e.g., gan pingin rua, gan
ciall linbh, gan brı́ ar bith, gan corraı́ as an áit, gan misneach
a chailleadh.
(d) idir, nuair is comhaireamh a bhı́onn i gceist, e.g., idir
bhuachaillı́ agus chailı́nı́, idir bheag is mhór,—ach idir
Corcaigh agus Gaillimh, idir breith is baisteadh, idir meán
oı́che agus breacadh an lae, troid idir beirt fhear.
(e) thar, e.g., léim sé amach thar gheata ard, nı́ raibh thar chúigear
acu ann, nı́ fiú thar phingin é, nı́or fhan sé thar bhliain
ann,—ach nı́ shéimhı́tear i gcás abairtı́nı́ dobhriathartha, e.g.,
thar bráid, thar sáile, thar tı́r, thar toinn.

Nı́ bhı́onn séimhiú ar lorg ag, as, chuig, dar, go (dtı́), i, le, os, seachas.

5. I ndiaidh Réamhfhocail Chomhshuite—Séimhı́tear ainmfhocal


cinnte* agus ainmfhocal dı́lis i ndiaidh réamhfhocail chomhshuite a
leanann an ginideach é, e.g., ar aghaidh dhoras an tséipéıl, os comhair
Sheáin, in aice Bhaile Átha Cliath, i láthair bhean an tı́ (ach nı́
shéimhı́tear iad i ndiaidh chun, e.g., chun Seáin).
Nı́ shéimhı́tear ainmfhocal éiginnte ach i gcorrabairt shean-
bhunaithe, e.g., tar éis bháis.

*Féach leat an mı́niú ar ainmfhocal cinnte ar lch. 96.


86 GRAMADACH NA GAEILGE

6. I ndiaidh Ainmfhocail eile—

(I) Má bhı́onn ainmfhocal (nach ainm dı́lis) sa ghinideach ag brath


ar ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach), nó ar
ainmfhocal iolra a chrı́ochnaı́onn ar chonsan caol, is iondúil go
gcuirtear séimhiú air, e.g., cathaoir shúgáin, súil ghloine, cloch mhine,
deoir bhainne, pusaı́l ghoil, bean chabhartha, cráin mhuice, aimsir
bháıstı́, cumainn chrábhaidh, ábhair chulaithe, innill bhainte, ach nı́
gnáth séimhiú ar d, t, s i ndiaidh d, n, t, l, s,* ná sna cásanna seo—
(a) ar lorg ainmfhocail theibı́, e.g., airde fir, breáthacht mná, finne
maidine, laige páiste, maise pearsan, uaisleacht meoin;
(b) ar lorg ainmfhocail a bhfuil an bhrı́ cuid, easpa, iomarca leis,
e.g., ailp feola, barraı́ocht plámáis, breis bainne, a chuid
cabaireachta, dı́th céille, easpa tobac, iomarca cainte, roinnt
blianta;
(c) nuair a ghabhann aidiacht leis an nginideach, e.g., oı́che
gaoithe móire, scian coise duibhe;
(d) más ginideach comhaisnéise atá ann agus gur daoine atá i
gceist, e.g., baintreach fir, óinseach mná (ach séimhiú más
ainmhithe nó nithe atá i gceist, e.g., stail chapaill, púróg
chloiche);
(e) más ball beatha de chuid duine nó ainmhı́, nó más páirt de
rud, atá i gceist, e.g., adharc bó, aghaidh mná, cos capaill,
lámh cailı́n, súil buachalla; iall bróige, stiúir báid (ach séimhiú
nuair a insı́onn an ginideach ábhar an ruda, e.g., cos chrainn
(=cos adhmaid, cos crainn=bun crainn), culaith bhréidı́n,
coinneal chéireach, tine ghuail);
(f) nuair is ainmnı́ nó gnı́omhaı́ an ginideach, e.g., géimneach bó,
gáir caillı́, mallacht mná, eascaine baintrı́, léim capaill, ı́de béil,
coiscéim coiligh.
(g) ar ghinideach iolra i ndiaidh cnuasainm, e.g., saithe beach,
scuaine gasúr, sealbh caorach, táin bó—ach clann mhac.

*e.g., saighead draı́ochta, báid seoil, téad tı́re, bean tı́, cúirt dúiche, slat tiomána,
capaill tincéara.
SÉIMHIÚ AGUS URÚ 87

Nı́ shéimhı́tear ainmfhocal éiginnte i ndiaidh ainm bhriathartha a


bhfuil réamhfhocal roimhe, e.g., ag tógáil potaı́, ag cur prátaı́, ar thógáil
cathrach, ach i gcorrleagan seanbhunaithe, e.g., ag fáil bháis.

II. Cuirtear séimhiú ar ainmfhocal dı́lis agus ainmfhocal cinnte sa


ghinideach i ndiaidh gach ainm, e.g., foireann Dhoire, muintir Sheáin,
Coláiste Cholmáin, cuan Bhaile Átha Cliath, oibrithe Bhéal Feirste,
mac fhear an tábhairne, obair bhean an tı́, dı́on shiopa an bhúistéara,
ach—
(a) nı́ shéimhı́tear (i) Dé, e.g., lámh Dé, trócaire Dé, (ii) San, e.g.,
Lá San Svaı́tin, Ord San Proinsias;
(b) nı́ bhı́onn séimhiú ar lorg—

(i) Féile sa ghinideach, e.g., Lá Fhéile Pádraig, Samhradh


beag na Féile Michı́l;
(ii) Naomh, e.g., litreacha Naomh Pól, cuimhneachán
Naomh Peadar;
(c) nı́ dhéantar séimhiú ar ainmneacha laethanta, mı́onna, féilte,
ná ar ainmneacha teangacha, ach de réir riail 6(I) thuas, e.g.,
Lá Samhna, Oı́che Shamhna, tráthnóna Sathairn, maidin
Mháirt; leabhar Béarla, an teanga Ghaeilge, cainteoiri
Fraincise, amhráin Ghearmáinise.
Nı́ shéimhı́tear Dé ná an t-ainmfhocal ar a lorg in
ainmneacha na laethanta, e.g., oı́che Dé Máirt.
(Correisceacht i seanleaganacha, e.g., an Pota Pádraig,
coileach Mártan).

7. I ndiaidh Mhic, Mhig, Nı́, Nic, Uı́, i sloinnte, e.g., Siobhán Nı́
Chonchubhair, Úna Nic Shuibhne, Bean Mháirtı́n Uı́ Bhroin, teach
Shéain Mhic Charrthaigh agus Mac (Mag) i sloinnte áirithe, e.g., Mac
Pháidı́n, Mag Fhinn.

8. I ndiaidh agus (is), nó—nuair a cheanglaı́onn siad le chéile dhá


ainmfhocal atá faoi réir ag an bhfocal céanna agus go bhfuil séimhiú
ar an gcéad ainmfhocal dı́obh, e.g., idir fhir is mhná, asal Sheáin nó
Mháire.
88 GRAMADACH NA GAEILGE

9. Sa chomhfhocal—ar lorg réimı́re nó aon fhocail eile ach amháin


nuair a thagann d, n, t, l, s le chéile, e.g., sárdhuine, deargbhuile,
róschrann; ach—fad-dúiseacht, gread-tine, sceadsúil, antráth,
seansaighdiúir, catsúil, cúldoras, galltrumpa, ilsiolla, leasdeartháir,
clostrácht, cuas-súileach.
(Urú i ndiaidh éa-, éi-, e.g., éagóir, éigeart, agus tá roinnt comhfhocal
seanbhunaithe gan séimhiú, e.g., fardoras, foirceann, coiscéim,
eascara).

10. I ndiaidh na copaile—san Aimsir Chaite, Modh Tásach, agus sa


Mhodh Coinnı́ollach, e.g., ba dhuine mór é, nı́ leis ab fhaillı́ é, ar
shagart é?, nı́or dhochtúir é, nár chapall maith é?, is dóigh leis gur
ghadaı́ a bhı́ ann, deir sé nár dhochar é, cér chás é, dá mba chailı́n ı́,
fear dar shloinne Ó Murchadha, má ba bhithiúnach é, murar bhacach é.

Séimhiú ar Aidiachtaı́
Séimhı́tear túschonsan aidiachta cáilı́ochta—
1. I ndiaidh Ainmfhocail—
(a) san ainmneach, tabharthach agus gairmeach uatha
bainiscneach, e.g., bean mhór, don bhean mhór, a bhean
mhór.
(b) sa ghinideach agus sa ghairmeach uatha firinscneach, e.g.,
mac fir mhóir, a fhir mhóir.
(c) san ainmneach agus sa tabharthach iolra má chrı́ochnaı́onn an
t-ainmfhocal ar chonsan caol, e.g., fir mhóra, do na fir mhóra.
Eisceacht: caoirigh beaga (bána, móra, etc.).
(d) i ndiaidh ainmfhocail a bhfuil d(h)á roimhe, e.g., dhá bhó
bhána, luach an dá bhó bhána.
(e) má tá an t-ainmfhocal san uatha agus uimhir ó trı́ go deich
roimhe, e.g., trı́ (ceithre, cúig, sé) bhád mhóra, seacht (ocht,
naoi, deich) gcapall mhóra, lucht na dtrı́ (gceithre, etc.) bhád
mhóra, ainmneacha na seacht (n-ocht, etc.) gcapall mhóra.

2. Séimhı́tear aidiacht (nach aidiacht shealbhach) roimh ainmfhocal


ar an gcuma chéanna ina séimhı́tear an t-ainmfhocal, e.g., do
dhrochdhuine, ar shé scilling, ach—
SÉIMHIÚ AGUS URÚ 89

(a) nı́ shéimhı́tear cibé ná gach,


(b) nı́ shéimhı́tear an aidiacht orduimhreach ach amháin céad
(Féach leath. 91 thı́os) i ndiaidh an ailt, e.g., an cúigiú bean.

3. Bı́onn séimhiú ar dhá i gcónaı́ ach amháin i ndiaidh an ailt (an,


don, etc.), i ndiaidh aon agus chéad e.g., an dá áit, gach aon dá uair a
chloig, an chéad dá bhliain, céad is dhá lá.

4. Séimhı́tear déag i ndiaidh dó, ainmfhocail uatha a chrı́ochnaı́onn


ar ghuta, agus ainmfhocail iolra a chrı́ochnaı́onn ar chonsan caol (ach
amháin cinn) e.g., trı́ bhó dhéag, cúig lá dhéag, seacht mı́ dhéag, cúig
mic dhéag, trı́ cinn déag. Séimhı́tear fichead i ndiaidh ainmfhocail a
bhfuil iolra caol aige, e.g., trı́ cinn fhichead.

5. Sa chomhfhocal—ar lorg réimı́re nó aon fhocail eile ach amháin


nuair a thagann d, n, t, l, s le chéile, e.g., beagmhaith, fı́ordheas, ach
fadsaolach, ildánach, ilteangach, caolsrónach, bándearg, antrom,
lánsásta, casdubh, glas-snaidhm, costriomach.

6. I ndiaidh na Copaile—san Aimsir Chaite, Modh Tásach, agus sa


Mhodh Coinnı́ollach, e.g., Ba dheas uait é. Ar mhaith leat é? Nı́or
bheag an gaisce é. Nár dhona an lá é? Dúirt sé gur mhór an leas dó é.
B’fhéidir nár chneasta uaim é. Dá mba mhaith leat teacht. Má ba
shaibhir an fear é. Murarbh fhı́or é nı́or cheart é a rá.

Nóta. Ach amháin i gcomhfhocail, agus i leaganacha seargtha,


cuirtear na gnáthrialacha faoi shéimhiú i bhfeidhm ar d, t, s i ndiaidh
d, n, t, l, s, sna haidiachtaı́:—

na báid dhubha
an bhean dhı́lis
áit dhorcha
na poill dhoimhne
na poirt dhúbailte
an tsúıl thinn
an áit shalach
an chos thinn
maoin shaolta.
90 GRAMADACH NA GAEILGE

(Nı́ shéimhı́tear sı́, i gcáil aidiachta dó, e.g., bó sı́, fir sı́).

Urú
Scrı́obhtar urú ar na consain go léir ach amháin h, l, m, n, r, s agus
v. Cuirtear n- roimh ghuta san áit a ndéanfaı́ urú ar chonsan, ach
amháin ar lorg focail a chrı́ochnaı́onn ar -n, e.g., ar an uisce).

Urú ar Ainmfhocail
Uraı́tear túschonsan ainmfhocail—
1. I ndiaidh an Ailt—
(a) san uatha nuair a bhı́onn réamhfhocail áirithe roimhe (i.e.,
ag, ar, as, chuig, faoi, le, mar,* ó, roimh, thar, trı́d um)—féach
leat an nóta thı́os.
Eisceacht: nı́ uraı́tear d, t, (e.g., ón doras, ag an tine) ná nı́ uraı́tear
uimhreacha in abairtı́ mar ón ceathair (a chlog), ag an
cúig (a chlog).
(b) sa ghinideach iolra, firinscneach agus baininscneach, e.g.,
seolta na mbád beag, scoil na gcailı́nı́ óga, ceol na n-éan, ag
maisiú na dtithe.

2. I ndiaidh na n-aidiachtaı́ sealbhacha san iolra, e.g., ár n-athair,


bhur bpáistı́, a ngluaisteáin.
Déantar urú i ndiaidh dhá má bhı́onn aidiacht shealbhach san iolra
roimhe, e.g., ár dhá gcapall, bhur dhá dteach, a dhá mbó.

3. I ndiaidh na n-uimhreacha seacht go deich, e.g., seacht nduine,


ocht gcinn, naoi mbliana, deich n-asal.

4. I ndiaidh
(a) an réamhfhocail i, e.g., i mbaile, i bpáirc (Scrı́obhtar in in
ionad i n- roimh fhocail a thosaı́onn ar ghuta, e.g., in Éirinn.
Scrı́obhtar in freisin roimh dhá, e.g., in dhá áit).
(b) an réamhfhocail ar i gcorrleagan, e.g., ar gcúl, agus go, e.g.,
go bhfios dom.

*san abairt mar an gcéanna.


SÉIMHIÚ AGUS URÚ 91

Aidiachtaı́

Cuirtear urú ar aidiacht cháilı́ochta a thagann roimh ainmfhocal mar


a dhéanfaı́ ar ainmfhocal, e.g., seolta na dtrı́ bhád, i gcaitheamh na
gcúig oı́che.
Nı́ dhéantar urú ar aidiacht ar lorg ainmfhocail, e.g., cumann na
bhfear óg.
Nóta:—Ainmfhocal agus Aidiacht i ndiaidh réamhfhocail agus an
ailt uatha.
Is féidir séimhiú nó urú a dhéanamh ar ainmfhocal i ndiaidh an ailt
nuair a thagann réamhfhocal dá luaitear in 1 (a) thuas roimhe, e.g., ag
an fhear nó ag an bhfear; ag an bhean nó ag an mbean.
Tá comhúdarás ag an dá nós ach i gcás den, don, sa(n) is é nós an
tséimhithe is inleanta.
Séimhı́tear aidiachtaı́ ar lorg ainmfhocal baininscneach. Séimhı́tear
iad ar lorg ainmfhocal firinscneach más séimhiú a dhéantar ar an
ainmfhocal, ach i gcás den, don, sa(n) is féidir iad a fhágáil lom, e.g.,
ag an mbean (nó bhean) mhór, ag an bhfear mór (nó fhear mhór), don
fhear mór (nó mhór).
t- roimh ghuta agus roimh s-
I ndiaidh an Ailt cuirtear t-, san ainmneach uatha, roimh ainmfhocal
firinscneach más guta atá ina thús (Eisceachtaı́—iomad, oiread), roimh
aon, aonú, ochtó, ochtódú, ochtú, i ngach cás, agus roimh ocht nuair
nach ainmfhocal iolra atá ag gabháil leis, e.g., an t-asal, an t-aon bhean
déag, an t-aonú háit déag, an t-ochtó bliain, an t-ochtú huair, an t-ocht
gcéad lá.
Cuirtear t- roimh s- más guta nó l, n, r atá ar a lorg, i ndiaidh an
Ailt—
(a) i gcás ainmfhocail bhaininscnigh, san ainmneach uatha agus
sa tabharthach uatha, e.g., an tsúil, ar an tsúil;
(b) i gcás ainmfhocail fhirinscnigh, sa ghinideach uatha, e.g., teach
an tsagairt.

[Nı́ chuirtear t- roimh s-:—(a) sa tabharthach uatha firinscneach,


e.g., den saol, ag an séipéal; (b) i gcomhfhocail, e.g., an-sásta,
seansaighdiúir; (c) in uimhreacha* e.g., deireadh an seachtú lá, i

*ach uimhreacha pearsanta sa ghinideach, e.g., ainmneacha an tseisir.


92 GRAMADACH NA GAEILGE

dteannta an sé chéad punt; (d) i ndiaidh aon agus céad, e.g., aon salann,
aon seanmóir, an chéad sagart].

Séimhiú ar an mBriathar
1. Séimhı́tear an briathar neamhspleách—
(a) san Aimsir Chaite agus san Aimsir Ghnáthchaite, Modh
Táscach, agus sa Mhodh Coinnı́ollach (ach, taobh amuigh de
bhriathra neamhrialta áirithe, e.g., bhı́othas, chonacthas,
chualathas, chuathas, thángthas, nı́ shéimhı́tear an
saorbhriathar san Aimsir Chaite), e.g., mhol mé (mhol tú,
etc.), mholainn (mholtá, etc.), mholfainn, (mholfá, etc).,
mholtaı́, mholfaı́.

(b) i ndiaidh a, coibhneas dı́reach, agus na mı́reanna agus na


gcónasc seo—cad, cathain, cé, cén uair, céard, conas, má, mar,
nuair, ó, e.g.:—
An bhean a ghlanfaidh an áit
An gluaisteán a thiomáineann sé
Cad (Céard) a bhainfeadh dó?
Cathain (Cén uair) a thiocfaidh sé
Cé a mholfaidh é?
Conas a mharódh sé é?
Má bhı́onn sé ann
De réir mar a thitfidh
Nuair a thiocfaidh sé
Ó chuir tú i mo cheann é.
(c) san fhoclásal dearfach atá mar ainmnı́ ag an gcopail i
leaganacha mar is ann a chonaic mé é, is leis a bheidh mé.

Eisceachtaı́: Nı́ shéimhı́tear an briathar deirim in aon chás acu.


Uraı́tear an briathar faighim san Aimsir Chaite, san Aimsir
Fháistneach agus sa Mhodh Coinnı́ollach, e.g., nı́ bhfuair mé (tú, etc.,)
nı́ bhfaighidh mé (tú, etc.), nı́ bhfaighinn (bhfaighfeá, etc.)

2. Séimhı́tear an briathar spleách i ndiaidh na gcónasc agus na


mı́reanna briathartha seo—ar, cár, dár, gur, murar, nár, nı́, nı́or,
sular, e.g.,:—
SÉIMHIÚ AGUS URÚ 93

Ar chuir sé i bhfolach é?


An bhfuil a fhios agat ar tháinig sé abhaile fós?
An fear ar chuir sı́ an litir chuige
Cad é an áit ar chaill tú é?
Cár ghortaigh sé é féin?
Gach duine dár chuir tú in aithne dom
Sı́lim gur thuig sé mé
Murar mharaigh sé é chuaigh sé gairid dó
Nár phós sé riamh?
Nár phósa!
An fear nár chreid an scéal
Nı́ fhaca sé mé
Nı́or fhéad mé é a dhéanamh
Bhı́ mise anseo sular tháinig Seán.

Nóta.—Cuirtear séimhiú ar an Saorbhriathar sna cásanna ina


séimhitear na foirmeacha eile, ach amháin san Aimsir Chaite agus
ar táthar.

Urú ar an mBriathar
Déantar urú ar an mbriathar—
1. San fhochlásal coibhneasta i ndiaidh—
a, coibhneas indı́reach, agus nach, e.g., an bainne nach n-óltar, an
duine a (nach) gcáintear é, an bhean a (nach) dtagann a páistı́ ar
scoil, an fear a (nach) gcuirtear cúram air.
a (gach a) agus dá (<de, do+a) e.g., d’ólfadh sé a bhfeicfeadh sé
gach aon duine dá dtagann ann.

2. I ndiaidh na mı́reanna briathartha agus na gcónasc seo:—


an, cá, dá (coinnı́ollach), go, mura, nach, sula, e.g:—
An bhfuil an ceart agam?
Cá dtéann an bóthar seo?
Dá mbeadh an t-airgead aige chaithfeadh sé é
Abair leis go bhféadfaidh sé imeacht
Go dtuga Dia ciall duit
Fan go bhfeicfidh tú
Mura n-iarrfaidh tú é nı́ bhfaighidh tú é
Nach n-ólann sé bainne?
Deir sé nach bhfillfidh sé
Sula dtiocfaidh sé.
94 GRAMADACH NA GAEILGE

h roimh Ghuta
San Ainmfhocal
1. I ndiaidh an Ailt na—
(a) sa ghinideach uatha baininscneach, e.g., ainm na háite
(b) san ainmneach agus sa tabharthach iolra, e.g., na
hainmneacha, sna hionaid sin.

2. I ndiaidh na n-orduimhreacha, ach amháin céad, e.g., an dara


(trı́ú, etc.) heochair.

3. I ndiaidh trı́, ceithre, cúig, sé, ar ainm iolra, e.g., trı́ (ceithre, sé)
huaire.

4. I ndiaidh na réamhfhocal go agus le, e.g., ó mhaidin go hoı́che, le


hintinn mhaith.

5. I ndiaidh cá, e.g., cá hiontas?

6. I ndiaidh Ó i sloinnte, e.g., Liam Ó hÓgáin, do Sheán Ó hAodha.

7. I ndiaidh Dé in Dé hAoine.

8. I ndiaidh, a, aidiacht shealbhach, 3ú pearsa baininscneach, e.g.,


a hathair.
(Nı́ chuirtear h- roimh ainmfhocal i ndiaidh nı́ (foirm dhiúltach den
chopail), e.g., nı́ amadán é, nı́ Eoin is ainm dom, nı́ iontas é, nı́ eolas
oideachas).

San Aidiacht

1. I ndiaidh chomh, go, le, e.g., chomh hard le haon chapall, tá sé
go hálainn.

2. I ndiaidh a, na, sna huimhreacha, e.g., ceacht a haon, na hocht


gcinn.
(Nı́ chuirtear h- roimh an aidiacht i ndiaidh foirm ar bith den
chopail, e.g., nı́ aon tairbhe duit é, nı́ ionann iad, nı́ airde tusa ná mise,
an duine ab airde).
SÉIMHIÚ AGUS URÚ 95

San Fhorainm
I ndiaidh cé agus nı́, sna forainmneacha é, ı́, iad, ea, e.g., nı́ hé, nı́ hı́,
nı́ hiad, nı́ hea, cé hé? cé hı́? cé hiad?

Sa Bhriathar
I ndiaidh ná leis an Modh Ordaitheach, e.g., ná himigh.
(Nóta. Nı́ chuirtear h- roimh an saorbhriathar san aimsir Chaite,
e.g., ordaı́odh, nı́or ordaı́odh, gur ordaı́odh, má ordaı́odh).

d’ roimh Bhriathar
Cuirtear d’ roimh ghuta nó fh- san áit a mbeadh séimhiú ar chonsan
san Aimsir Chaite agus san Aimsir Ghnáthchaite, Modh Táscach, agus
sa Mhodh Coinnı́ollach, e.g., d’ól sé, d’fhágamar, d’ithinn, d’fhanadh
sibh, d’imeoinn, d’fhreagróinn; an té a d’imigh, an cheist a d’fhreagair
sé; nuair a d’fhágaidı́s an áit, an méid a d’ı́osfadh sé; má d’fhág sé, má
d’imrı́omar, má d’fheiceadh sé, má d’aithnı́dı́s.
a a chuirtear i gcónaı́ roimh an ainm briathartha, e.g., an obair atá
sé a dhéanamh, chun an t-airgead a fháil, abair leis gan é a ithe.
Foirm an Ainmnigh in ionad an Ghinidigh

1. Má bhı́onn ainmfhocal cinnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocail


eile is gnáth an chéad ainmfhocal a fhágáil gan infhilleadh, agus a
thúschonsan a shéimhiú,* nuair a bhı́onn sé faoi réir ag focal, nó ag
leagan, a leanann an ginideach é.
Is ainmfhocal cinnte:—

(a) ainm duine áirithe nó áite áirithe, e.g., Seán, Domhnach Broc
(nı́ áirı́tear ainm aicme, e.g., Éireannach, Sasanach, mar
ainm cinnte);

(b) ainmfhocal a bhfuil an t-alt roimhe, e.g., an fear, an bhean;

(c) ainmfhocal a bhfuil aidiacht shealbhach roimhe, e.g., mo


mhac, a hathair;

(d) ainmfhocal a bhfuil gach (gach aon, gach uile) roimhe, e.g.,
gach máthair;

(e) ainmfhocal a bhfuil ainmfhocal cinnte ar a lorg, e.g., mac na


baintrı́.

(f) ainmfhocal a bhfuil uimhir ar a lorg, e.g., Cuid III, riail a sé.

Samplaı́:—

(a)
mac Sheáin—cóta mhac Sheáin;
cathair Phort Láirge—pobal chathair Phort Láirge;
muintir Shligigh—ag cáineadh mhuintir Shligigh.

*Nı́ shéimhı́tear in abairtı́nı́ ainm bhriathartha, e.g., chun fear an tı́ a ghabháil, i
gcoinne muintir na hÉireann a bheith sa chogadh.

96
FOIRM AN AINMNIGH IN IONAD AN GHINIDIGH 97

(b)
fear an tı́—hata fhear an tı́;
clann an fhir oibre—ag moladh chlann an fhir oibre;
mná na tı́re—caint mhná na tı́re.

(c)
doras a thı́—os cionn dhoras a thı́;
inı́on mo dhearthár—fear céile inı́on mo dhearthár;
iasacht a ghunna—ag iarraidh iasacht a ghunna.

(d)
tús gach bliana—tar éis thús gach bliana;
teideal gach leabhair—ag meabhrú theideal gach leabhair;

(e)
Ollscoil na hÉireann—Oifigı́ Ollscoil na hÉireann;
obair na scoile tráchtála—i dteannta obair na scoile tráchtála;
leasú an Achta—de thoradh leasú an Achta;
Rannóg an Aistriúcháin—caighdeán litrithe Rannóg an
Aistriúcháin—ag léiriú chaighdeán litrithe Rannóg an
Aistriúcháin.

Ach más ainm briathartha an chéad ainmfhocal déantar athrú an


ghinidigh air i ndiaidh ainmfhocail, e.g., fear cosanta na tı́re, bean
chasta na tuirne, fir bhuailte an arbhair, agus séimhı́tear é de réir na
ngnáthrialacha.

2. Nuair a bhı́onn ainmfhocal nó abairtı́n ainmfhoclach á cheangal


ag an réamhfhocal a (<do) le hainm briathartha ina dhiaidh fágtar an
t-ainmfhocal san ainmneach ar lorg focail nó leagain a leanann an
ginideach é, e.g.:—
chun obair an tı́ a dhéanamh
d’fhonn airgead a thuilleamh
tar éis an t-ordú a chomhlı́onadh
ar aigne an litir a scrı́obh
le linn na fir oibre a fhostú
ar tı́ na doirse móra a dhúnadh;
i mbun an teach pobail a thógáil
98 GRAMADACH NA GAEILGE

ag iarraidh mo chos a bhriseadh


ag iarraidh na ba bána a dhı́ol
ag iarraidh caint a bhaint asam.

(Cuirtear an t-ainmfhocal sa tabharthach i ndiaidh réamhfhocal lena


ngabhann an tuiseal sin, e.g., leis an ngnó a dhéanamh, as an asal a
dhı́ol).

3. Nuair a bhı́onn aidiacht cháilı́ochta, nó ainmfhocal i gcáil


aidiachta, ag gabháil le hainmfhocal a thagann go dı́reach i ndiaidh
ainm briathartha a bhfuil ag (nó a<do) roimhe, is iondúil nach
ndéantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal ná ar an aidiacht a
ghabhann leis, e.g.:—
ag déanamh obair mhaith
ag treabhadh páirc mhór
ag dı́ol teach tábhairne
ag ól uisce beatha
ag cur loinnir mhaiseach ar na sléibhte
ag réiteach cupán tae
ag déanamh báid bheaga.

Is iondúil freisin nach ndéantar an t-athrú sin ar ainmfhocal lena


ngabhann an aidiacht éiginnte ar bith nó an réimı́r threise an-, e.g.,:—
ag fáil pingin ar bith
ag déanamh maith ar bith
ag déanamh an-obair.

4. Nı́ théann athrú an ghinidigh ar ainm briathartha nuair a bhı́onn


forainm réamhthagrach roimhe, e.g.:—
Tá sé tar éis a rá go ndéanfaidh sé é.
Tá sé ag iarraidh a dheimhniú go mbeidh gach nı́ ina cheart.

5. Mura bhfuil ginideach mar ghnáth-ainmfhocal ag ainm


briathartha is iondúil nach ndéantar athrú an ghinidigh air sna cásanna
seo a leanas:—
(a) Nuair a bhı́onn sé ina chuspóir go dı́reach ar lorg ainm
bhriathartha eile a bhfuil ag (nó a<do) roimhe, e.g.,
ag déanamh athrú (marú, scrúdú),
ag tabhairt bualadh (moladh, ordú) dó,
FOIRM AN AINMNIGH IN IONAD AN GHINIDIGH 99

ag iarraidh éirı́ (seasamh, suı́),


ag fáil ardú (cáiliú),
a chur scaipeadh ar an airgead,
ag cur caitheamh ann.

(b) Nuair a thagann sé go dı́reach i ndiaidh reamhfhocail a


ghabhann an ginideach, e.g.,:—
ar tı́ (chun, tar éis) pósadh
tar éis éirı́ (suı́)
ar tı́ briseadh
tar éis greadadh leis
chun dul abhaile
i riocht scrı́obh
tá an lá ag dul chun sı́neadh
tá sé chun séideadh nı́os measa.

(Ach i gcásanna mar a luaitear faoi 3 agus 5 thuas déantar athrú an


ghinidigh nuair a thagann an t-alt nó aidiacht shealbhach idir an
t-ainm briathartha agus an cuspóir, e.g.—ag treabhadh na páirce bige,
ar tı́ a phósta.)

Вам также может понравиться